Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarTailte
Tailtiu Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálainm baineann Cuir in eagar ar Wikidata

Ba bhandia í Tailte (Sean-Ghaeilge TailtiuTailltiu i Miotaseolaíocht na nGael.

Sanasaíocht

Tá ainm an bhandé ann i ndán an dinnseanchais, a insíonn go bhfuil Aonach Tailteann, Contae na Mí ainmnithe ina honóir.[1] Léiríonn anailís teangeolaíochta ámh go bhfuil an logainm fréamhaithe ó iasacht Briotainise, léirithe ag telediw na Breatnaise, "dea-chumtha, álainn." [2] Is amhlaidh go bhfuil ainm an bhandé fréamhaithe ón logainm.

Miotaseolaíocht na nGael

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, ba iníon rí na Spáinne í Tailte, agus bean chéile Eochaí mac Eirc, Ard-Rí na hÉireann deireanach de shliocht na bhFéar Bolg, a thug a hainm dá phríomhchathair, Tailtin. Tháinig sí slán tar éis gabháil na dTuath Dé Danann agus rinneadh ina máthair altrama Lugh di.[3]

Deirtear go bhfuair Tailte bás le teann corthachta, tar éis di machairí na hÉireann a ghlanadh le haghaidh talmhaíochta. Bhunaigh Lugh féile fhómhair cluichíochtacluichí adhlactha ina honóir, Aonach Tailteann, a ceiliúradh chomh déanach is an 18ú haois.[3]

Stair na hÉireann

San am atá thart, ba dheis é Aonach Tailteann comórtais of nirt agus cumais, agus am buntáisteach do chleamhnas agus lóistín don gheimhreadh. Bhíodh síocháin i réim ag an bhféile, agus bhíodh ceiliúradh reiligiúnach at siúl. Caomhnaítear cuid den fhéile sa cheiliúradh Lúnasa, a athbheodh ar feadh tréimhse sa 20ú haois faoin ainm Cluichí Tailteann.[3]

Eagraíodh féile Lúnasa ag Carman (ní fios go cruinn a shuíomh), agus faightear chomh maith dán an dinnseanchais a thugann bréagshanasaíocht don áit. Maíonn an dán go bhfuil an fhéile ainmnithe as Carman, ach a mhalairt, mar an gcéanna le Tailte, is amhlaidh go bhfuil an dia miotaseolaíochta ainmnithe as an áit.

I ré na staire, ba é Tailte an baile ina raibh an príomhtionóil de chlann Uí Néill.

De réir Locus Project ag CELT[4], bhí cúpla ráth ag Tailte (bandia) i gcúige Mumhan:

Níl sé soiléir gur nó nach ionann Ráth Canann agus Ráth Con.

Tagairtí na nAnnála

Féach Annals of Inisfallen (AI)

Tagairtí

  1. Gwynn, E., aistr., "Poem 33: Tailtiu," The Metrical Dindshenchas, le fáil ar CELT.
  2. Binchy, D.A., ‘The Fair of Tailtiu and the Feast of Tara,’ Ériu, 18 (1958), ll. 113-138.
  3. 3.0 3.1 3.2 MacKillop, James (1998) A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford, Oxford University Press. ISBN 0-19-280120-1 ll. 309-10, 395-6, 76, 20
  4. Locus Project