I Miotaseolaíocht na nGael, dia an chogaidh an ea Neid (Sean-Ghaeilge Néit[1]). Seanathair Bhalair (na bhFomhórach), agus fear céile Neamhain, ach scaití Badhbh, ab ea é. Deirtear chomh maith gurbh uncail an Daghdé é, a thug Aileach[2] Néit dó, a deirtear i mball eile gurb uaigh Aodha mhic Daghdé é.[3]
Maraíodh Neid sa Dara Cath Maighe Tuireadh.
Is amhlaidh go bhfuil an t-ainm fréamhaithe ón bPrótai-Ceiltis *nei-t-,[4] le brí troid nó fearg. Feictear beirt déithe le hainmneacha cosúla ar inscríbhinní Ceiltibéaracha:[5] Neito; agus Mars Neto na Róimhe.