Cineál | carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Muintir | |
Céile | Fuamnach |
Athair | Daghdha |
I Miotaseolaíocht na nGael, ba é Midhir nó Mír[1] (Sean-Ghaeilge: Midir) mac Daghdha na dTuath Dé Danann. Agus na Tuatha Dé Danann cloíte ag Clann Mhíle, chuaigh sé chun cónaí i n-aos sidhe Bhrí Léith (a chreidtear gur Cnoc Ardaigh, Contae an Longfoirt, é). Sa chéad Athleagan de Leabhar Gabhála na hÉireann, ba é Midhir Bhrí Léith "mac Induín mac Échtach mac Etarlam".[2]
B'fhéidir go bhfuil an t-ainm Midhir fréamhaithe ón bhfocal Sean-Ghaeilge midithir, le ciall "breitheamh".[3][4]
Is príomhphearsa é Midhir sa seanscéal Tochmharc Éadaoine, a léimeann trí na tréimhsí, ó ré na dTúath Dé Danann go ré Ard-Rí na hÉireann, Eochaidh Aireamh.
Ba í Fuamnach bean chéile Mhidhire, ach thit sé i ngrá le hÉadaoin, agus le cabhair ón a mhac altrama agus leasdeartháir, Aonghas, rinneadh a bhean chéile nua di. Spreagadh fonn díoltais i bhFuamach uirthi, ag cur líon mór náire uirthi. I ndeireadh na dála, i riocht snáthaide móire, thit Éadaoin i ndeoch mná, agus athrugadh í. Phós sí an t-ardrí, Eochaidh Aireamh.
Níor ghéill Midhir, ach a mhalairt. Rinne sé iarracht a bhean chéile a thrabhairt abhaile leis. Thug sé dúshlán don rí, ficheall a imirt. Bhuaigh Eochaidh gach cluiche ach an ceann deireanach. Bhuaigh Midhir agus d'éiligh mar dhuais póg ó Éadaoin. Sheas Eochaidh lena fhocal agus lig sé do Mhidhir an póg, ach d'iompraigh Midhir é féin agus Éadaoin ina riocht ealaí agus d'eitil amach tríd an simléar. Shocraigh Eochaidh a bhean a tharrtháil agus chuaigh sé ar a dtóir. Midhir turned fifty women i riocht Éadaoine, agus lig sé don rí ach rogha amháin. D'imigh drochrath ar Eochaid agus roghnaigh sé a iníon féin, agus chaill Éadaoin.
Sa scéilín Aigidecht Aitherni ("Aíocht Athirne"), insítear gur tháinig Athirne go Brí Léith, ag troscadh i gcoinne Midhire, chun a bheireadh a thrí ghrús a sheasadh ag a dhoras agus dhiúltaíodh cead isteach do chách á iarradh. Ina theannta sin: "Any of the men of Ireland who saw them could not face equal combat on that day."[5]
Sa scéal Tochmharc Treablainne, chuir Midhir isteach ar Fhraoch agus é ag iarraidh bheith ag suirí le Treabhlann.
Deirtear gurbh é Midhir athair duine de chlann Macha, chomh matt le Bri Bruachbrecc.[6]. Sa Dinnseanchas, deirtear gurbh athair altrama Aonghas é Midhir.[7]