Cineál | rí miotaseolaíoch dia de chuid na gCeilteach |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Muintir | |
Máthair | Ériu |
Athair | Elatha |
Eile | |
Cuid de | Na Scéalta Miotaseolaíochta agus Tuatha Dé Danann |
Cúram | Rí na dTuath Dé Danann |
I Miotaseolaíocht na nGael, rí na dTuath Dé Danann ba ea Breas (Sean-Ghaeilge Bres). Glaoitear go minic Eochaid Breas air. Ba iad a thuistí Elatha na bhFomhórach agus Ériu, iníon Dealbhaodh. D'fhás sé chomh tapaidh sin, go raibh sé ar nós duine le ceithre bliana déag, agus é ach a seacht mbliana d'aois. Ba rí gan gnaoi é, a bhí i leith a mhuintir Fomhórach.
Sa Chéad Chath Maighe Tuireadh, baineadh a lámh de Nuada na dTuath Dé Danann. Óir nach raibh sé ina fhear gan smál a thuilleadh, níorbh fhéidir leis bheith ina rí. Ag iarraidh síocháin a chur chun cinn idir na Fomhóraigh agus na Tuatha Dé Danann, ceapadh Breas ina rí. Phós sé Brigit na dTuath Dé Danann, agus rugadh mac darb ainm Ruadhán díobh (a mharófaí ag iarradh Gaibhne a feallmharú).
Chuir Breas iachall ar na Tuatha Dé Danann cíos agus cáin a íoc do na Fomhóraigh agus obair mar sclábhaithe: cuireadh faoi deara d'Oghma adhmad tine a iompar, do Dbaghdha claiseanna a thochailt thar timpeall ar dhúin. Rinne sé faillí ina chuid dualgais aíochta: bhíodh na Tuatha Dé ag gearán, tar éis bealaithe a thabhairt air, nach mbíodh a sceana bealaithe, agus nach mbíodh boladh leanna ar a n-análacha. Chum Cairbre, file na dTuath Dé, dán géar feanntach ina choinne, a bhí ann chéad aoir in Éirinn, agus chuaigh gach rud ó rath do Bhreas ina dhiaidh sin.
Bhí Breas i réim le seacht mbliana nuair a vvv a lámh airgid, déanta ag Dian Céchtagus Creidhne, le láimh feola agus fola, déanta ag Miach mac Déin Chéachta, i dteannta lena dheirfiúr Airmed. Ina dhiaidh seo, cuireadh Nuada i réim arís, agus díbríodh Breas. Chuaigh sé chuig a athair chun cabhair a iarraidh an choróin a atógáil, ach dhiúltaigh Elatha é, óir nára chóir dó a bhaint amach ar ais nárbh fhéidir leis coinneáil ar éigean.[1] Sheol a athair é chuig Balar, ceannaire eile na bhFomhórach, le haghaidh na cabhrach a bhí uaidh.
Bhí Breis i gceannas na bhFomhórach sa Dara Cath Maighe Tuireadh ach cloíodh é. Tháinig Lugh air gan cosaint ar an ármhá, Lugh agus d'impigh sé ar son a bheatha. Níor mharaigh Lugh é toisc gur a gheall sé tíreolaíocht a mhúineadh do na Tuath Dé.
Insítear conas ar mharaigh Lugh Breas i ndán de chuid an dinnseanchais. Rinne Lugh 300 bó adhmaid, agus chur sé iontu leacht dearg nimhneach, a "chrúigh" sé isteach i ngogáin agus thairg do Bhreas chun ól, 'séard a rinne Breas, a raibh faoi gheis gan chóir a dhiúltú, gan cúbadh, agus d'éag sé dá bharr.[2] Luaitear an scéal seo go hachomair í Leabhar Gabhála na hÉireann, ach aithnítear gur mhúnlach ab ea an léacht nimhneach.
I Leabhar Gabhála na hÉireann agus Cath Maighe Tuireadh, léirítear Breas mar fhear dathúil,[3][4] ach mar sin féin géar agus doicheallach. Tá dán ann sa dinnseanchas ámh a mholann Bres agus a phearsantacht "lách" agus "uasal",[5] agus a deir gurbh é "bláth" na dTuath Dé Danann é.[6]
Réamhtheachtaí Nuadha (1) |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1897–1890 RC FFE 1477–1470 RC |
Comharba Nuadha (2) |