I miotaseolaíocht na nGael, athair agus/nó fear céile Bhóinne ab ea Neachtan (Sean-Ghaeilge Nechtan).
Mhol Georges Dumézil gur gaol é an t-ainm Neachtan le dia na Breataine darb ainm Nodens, nó an dia na Rómhánach, Neiptiún, chomh maith leis déithe na Peirse na Véidise ar chomh-ainm Apam Napat.[1]
I ndeireadh na dála, d'fhéadfadh go bhfuil an t-ainm fréamhaithe ón bPróit-Ind-Eorpais *nepot- "descendant, mac an deirféar", nó b'fhéidir ó *nebh- "tais, fliuch". De réir sanasaíocht eile, tá Neachtan fréamhaithe ón tSean-Ghaeilge necht[2] "glan, glé agus bán", curtha leis an bhfréamh -neg "nigh", ón PIE *neigᵘ̯- "nigh" [3] Más fíor, beadh sé gaolmhar le pearsana miotasacha a bhíodh ina gcónaí in aice tobar agus fuarán: neck as Béarla (ón Angla-Shacsainis nicor), Sualainnis Näck, Gearmánais Nixe agus Ollainnis nikker, le brí "ollphéist abhann, síofra uisce, crogall, dobhareach", mar sin Sean-Ioruais nykr "síofra uisce i riocht capaill".
Bíodh Neachtan ina cónaí i Sidhe Neachtain sa domhan thíos, an t-ainm miotasach de chnoc Chairbre.[4] Sa dinnseanchas, deirtear gur fear céile Bhóinne agus mac Nuadu é Neachtan.[5]
Ní bhíodh cead ach ag Nechtan agus a thriúr dáileamh cuairt a thabhairt ar Thobar Segais, nó "Tobar na hEagna", inar ligeadh naoi gcoll a gcnónna lán d'eagna titim isteach ann. Bhíodh na Bradáin Fheasa ag snámh sa tobar, agus d'ithidís na cnónna coill. Thugadh saineolas don té a d'íosfadh bradán feasa.[6]
Bhí Nechtan mar ainm Ceilteach coitianta, tugtha do chuid mhaith pearsana idir seanscéalacha agus stairiúla. Tugadh Nechtan go minic do ríthe na gCruithneach.[7] Is naomhphátrún Hartland, Devon é Nectan of Hartland, beo a deirtear san 5ú haois. Rinne scoláirí áirithe an cás ámh nach duine stairiúil é Naomh Nectan, ach ina ionad sin foirm Chríostaí den dia Neachtan féin.[8]
Deirtear go bhfuil St Nectan's Kieve i nGleann Naomh Neachtain in aice le Tintagel, Corn na Breataine, ainmnithe as Naomh Nectan, ach le fírinne, is cumadóireacht na Victeoiriach é seo. Tugadh Nathan's Cave ar an áit in 1799,[9] ainmnithe as tiarna talún áitiúil.[10]