Dream Gaelach ársa suite i ndeisceart na Laighean ba ea na Coriondi (Κοριονδοί), luaite le Tolamaes ina shaothar, Geografaíocht, den dara haois AD.[1]
Aithníonn Eoin Mac Néill dream Gaelach níos deireanaí, na Coraind, a bhí lonnaithe i ngleann na Bóinne, a d'fhéadfadh gurb ionann iad agus na Coriondi.[2] I measc ainmneacha eile a d'fhéadfadh a bheith gaolmhar, tá an Corcu Cuirnd,[2] Cuirennrige agus an Dál gCuirind. Sa Bhreatainn, fhear samplaí amhail is na Corionototae, aitheanta de bharr inscríbhinne in Hexham, Northumberland; agus Corinion, an t-ainm Briotainic ar Cirencester, Gloucestershire.[1]
Feictear an fhréamh *corio- i n-ainmneacha pearsanta agus treibhe Gallacha, de ghnáth a mheastar le brí arm nó buíon gaiscíoch.[3]