Ainm Laidine is ea Caledonia (an Chaladóin) a ghlaoigh na Rómhánaigh ar an tír ar thaobh ó thuaidh de chúige Britannia, arbh ionann go garbh agus Alba an lae inniu. Ó am go ham, áfach, ba chuid d'Impireacht na Róimhe é an chuid sin de dheisceart na Caladóine, chomh fada ó thuaidh is an Balla Antonine. Sa lá atá inniu ann, feictear é ach amháin mar ainm rómánsach nó fileata d'Albain go léir.
Is dócha é go bhfuil an focal fréamhaith ó fhoinse P-Ceiltise. De réir Zimmer (2006), tá Caledonia fréamhaithe ón ainm treibhe Caledones (nó Calīdones), a thugann sé mar shanas "'le cosa crua', ag lua seasmhachta", óna fréamhacha Prótai-Cheiltise *kal-, "crua" agus *φēdo-, "cos".[1] Ar an mbealach céanna, molann Moffat (2005) go bhfuil gaol ann idir an t-ainm agus an focal Breatnaise caled, "crua", ag lua b'fhéidir nó an tír chreagach nó cruas na ndaoine.[2]
Deir Keay agus Keay (1994) ámh gurb amhlaidh é gur réamhCheilteach é an focal.[3]
Mar a úsáideadh Tacitus, Tolamaes, Lucan agus Plinias Mór an t-ainm, Pictavia nó Tír na gCruithneach a bhíodh i gceist, an Alba den chuid is mó sa lá atá inniu ann, taobh ó thuaidh den Bhalla Haidrian (cé go bhfuil an balla úd laistigh de Shasana inniu).[4]
Faightear ainm na gCaladónach i logainmneacha, amhail is Dùn Chailleann agus b'fhéidir an sliabh Sìdh Chailleann.[5][6] De réir Historia Brittonum, foraois in Albain ba ea suíomh an seachtú catha de Rí Artúr, darbh ainm Coit Celidon as Sean-Bhreatnaise.[7][8]