Ainm Laidine (IAU) | Scutum |
---|---|
Nod | Sct |
Ginideach Laidine | Scuti |
Siombalaíocht | Sciath Sobieski |
Dronairde | 19 h |
Diallas | −10° |
Achar | 109 céim cearnach Céim 84ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | α Sct (méid 3.85) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +80° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa an infheictheacht is fearr |
Réaltbhuíon bheag is ea an Sciath, ceann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. An realteolaí Polannach Johannes Hevelius a thug isteach an réaltbhuíon seo sa téacs Firmamentum Sobiescianum sa bhliain 1690. Tá an Sciath ar cheann den dá réaltbhuíon a ainmníodh as daoine stairiúla (Folt Bheirnicé an ceann eile).
Sa bhliain 1683 thug Hevelius an t-ainm Laidine Scutum Sobiescianum ar an réaltbhuíon seo i gcuimhne bhua fórsaí Críostaí faoi cheannas Jan III Sobieski, Rí na Polainne, i gCath Vín. Tugtar Scutum uirthi mar ainm Laidine anois, rud a chiallaíonn "sciath".
Réaltbhuíonta a thug isteach Johannes Hevelius sa téacs Firmamentum Sobiescianum sa bhliain 1690 |
na Madraí Fiaigh | an Laghairt | an Leon Beag | an Lincse | an Sciath | an Seiseamhán | an Sionnach| Ceirbearas | Sliabh Maenalas | an Triantán Beag |