Ainm Laidine (IAU) | Virgo |
---|---|
Nod | Vir |
Ginideach Laidine | Virginis |
Siombalaíocht | an Mhaighdean |
Dronairde | 13 h |
Diallas | 0° |
Achar | 1294 céim cearnach Céim 2ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 3 |
Réalta is gile | Spica (α Vir) (méid 1.0) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +80° agus −80° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Bealtaine an infheictheacht is fearr |
Is réaltbhuíon an stoidiaca í an Mhaighdean (). Virgo an t-ainm Laidine a thugtar uirthi, a chiallaíonn maighdean. Suite idir an Leon ar an taobh thiar di agus an Mheá ar an taobh thoir, tá sí ar an dara réaltbhuíon is mó ar an spéir. Is furasta í a aimsiú mar gheall ar an lúsuidea dá cuid réaltaí, dá ngairtear Spica nó α Virginis.
Níl a fhios againn go baileach cérbh í an Mhaighdean ata léirithe ag an réaltbhuíon seo; i rith na n-aoiseanna, is beag nár ionannaíodh le gach bandia suntasach í, ina measc Isteár, Ísis, Cibéile, agus Aitéiné. Is cosúil go raibh baint éigin ag an Maighdean – i dteannta an Bhéir Mhóir agus an Bhéair Bhig – le miotas Callisto, mar Callisto í féin nó mar Héire. Mar gheall ar an Maighdean déantar tagairt go minic de Pheirsifiné (de réir cúpla miotaseolaíocht, go háirithe Rúndiamhra Eileoisise, b'ionann í agus an bandia Déiméitéir), ós rud é go raibh an Mhaighdean sárfheicthe go mórmhór san earrach, an tráth a d'aiséiríodh sí ón domhan thíos, mar a deirtí.
De réir leagain amháin, léirigh an réaltbhuión Astraea, iníon Shéas agus an bhandia Téimis. Bandia an cheartais ab ea Astraea, agus ionannaíodh leis an réaltbhuíon seo í toisc go raibh meá an cheartais (.i. an Mheá) in aice láithreach; deirtear go raibh an Domhan go léir faoina smacht eagnaí sa tseanré go dtí gur éirigh an cine daonna chomh cruachroíoch sin gur fhill sí ar ais ar neamh agus í bréan den scéal.
Ní hionann comhartha astralaíoch na Maighdine a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (Lúnasa 23 - Meán Fómhair 22) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (Meán Fómhair 16 - Deireadh Fómhair 30).
De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Maighdean le dúil chlasaiceach an Chré, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na cré é (mar aon leis an Tarbh agus an nGabhar). Tá an mhaighdean freisin ar cheann de na ceithre chomhartha inathraithe (i dteannta an Chúpla, an tSaighdeora agus na nIasc). Is iad na hÉisc is frithchomhartha polach léi. Is í an mhaighdean áitreabh agus ardú Mhearcair.
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Mhaighdean an stéig bheag agus an stéig mhór.
Is í an mhaighdean a úsáidtear mar shiombail na Maighdine.
an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc |
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |