An Lir
an Lir
an Lir
Ainm Laidine (IAU)Lyra
NodLyr
Ginideach LaidineLyrae
Siombalaíochtan lir
Dronairde19 h
Diallas40°
Achar286 céim cearnach
Céim 52ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
1
Réalta is gileVega (α Cyg)
(méid 0.03)
Dreigecheathanna
  • Liridí
  • Liridí an Mheithimh
  • Alfa Liridí
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −40°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa an infheictheacht is fearr

Is réaltbhuíon thuaisceartach í an Lir. Is ceann de na 48 réaltbhuíon a d'áirigh Tolamaes í, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Is beag an réaltbhuíon í, ach is furasta í a aimsiú toisc go bhfuil an réalt is gile léi, Vega, ina rinn ar "Thriantán an tSamhraidh", mar a deirtear leis. Is é Lyra, a chiallaíonn "lir", an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo.

Ag tosú ar an taobh ó thuaidh agus ag comhaireamh ar deiseal, seo iad a leanas na réaltbhuíonta atá teorainn ar theorainn leis an Lir: an Dragan, an laoch Gréagach Earcail, an Sionnach agus an Eala.

Príomhghnéithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo cúpla réalta gheal de chuid na Lire:

Réada suntasacha domhainspéire

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Miotaseolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar seanléarscáileanna léirítear éan - go háirithe badhbh (Vultur cadens) - ar shuíomh seo na spéire, óir d'ionannaítí an réaltbhuíon seo agus a réaltaí le badhbh fadó [1] Curtha i gcartlann 2005-09-24 ar an Wayback Machine. Mar leis sin, i dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (is iad sin le rá an Eala, an tIolar agus an Saighdeoir é féin), is amhlaidh go bhfuil baint éigin ag an Lir le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

Má chuirtear san áireamh línte comhthreomhara réaltaí doiléire atá i lár báire na réaltbhuíne, tá dealramh lire uirthi, agus dá bharr sin éiríodh as badhbh a thabhairt uirthi agus de réir a chéile tosaíodh lir a thabhairt uirthi ina ionad; ar feadh tamaill is amhlaidh gur ionanníodh í le badhbh agus lir ar iompar aici. Mar lir, ionannaíodh an realtbhuíon seo leis an ngléas ceoil a bhí ag Oirféas agus ar chas sé ceol air a chuir fiú amháin Háidéas faoi dhraíocht; tar éis a bháis, aistríodh an lir i measc na réaltaí.

An Lir sa litríocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glacann réaltbhuíon na Lire páirt thábhachtach sa tríológ K-PAX de chuid Gene Brewer; sna leabhair siúd maíonn othar in ospidéal meabhairghalar i Manhattan gur rugadh ar an bpláinéad K-PAX i réaltbhuíon na Lire é.

Sa chruinne fhicseanúil ar an gclár teilifíse Star Trek, is í Sheliak (ß Lyr) is grianchóras cónaithe an chine eachtrannaigh sin atá ar aon ainm léi; tá drochmheas acu ar an gcine daonna agus ar chiníocha duiniúla eile(Star Trek: The Next Generation: "The Ensigns of Command").

Lyra is ainm freisin do dhuine den dá phríomhcharachtar sa tríológ His Dark Materials de chuid Philip Pullman. Lyra Belacqua is ainm iomlán di, ach aistrítear a sloinne go Silvertongue i rith an tsaothair. Is iníon Asriel Belacqua agus Marisa Coulter í.

Réaltaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar | athraigh foinse]



Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir