Tram LUAS i mBaile Átha Cliath
Sean-tram i mBaileÁtha Cliath

Tá tábhacht leis an tram i go leor cathracha sa domhain fós, cé gur baineadh de na sráideanna iad sa chuid is mó de mhór chathracha an domhain. Ritheann sé ar rianta iarann ar nós traenach, ach go bhfuil na rianta sáite faoi bharr an bhóthair. Mar sin tugtar streetcar sa BhéarlaStrassenbahn sa Ghearmánais orthu.

Tréithe

I measc buntáistí tramanna tá:

I measc na míbhuntáistí, tá:

Stair

Tá córas traim i San Francisco i gCalifornia le hos cionn céad bliain, agus éiríonn go geal leis ag tarraingt daoine suas a chuid sráideanna cnocacha.

Baineadh na tramanna de shráideanna Bhaile Átha Cliath in Éirinn sna 1950í. Ach táthar arís ag cur na tramanna chun cinn, agus thosaigh an freastal nua "Luas" sa bhliain 2003, ag iompar taistealaithe ó lár Bhaile Átha Cliath go dtí an Tamhlacht agus bruachbhailte eile na hardchathrach.[1]

Osclaíodh an Líne Uaine ar an 30 Meitheamh 2004 agus osclaíodh an Líne Dhearg ar 26 Meán Fómhair 2004. Osclaíodh stáisiún Gleann Bhríde i gCoill na Silíní in 2010. Osclaíodh an Luas Traschathrach idir Stáisiún Dhroichead Broome agus Stáisiún Luas Faiche Stiabhna in 2018.

Féach freisin

Tagairtí

  1. Mac Aongusa, Brian (2014). "Traenacha in Éirinn". An Gúm 9781857918373 (1857918371).