Bosca Geografaíocht PholaitiúilTamhlacht

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°17′19″N 6°21′26″W / 53.2886°N 6.3572°W / 53.2886; -6.3572
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae riaracháin áitiúilContae Átha Cliath Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Tíreolaíocht
Airde90 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie17457
Suíomh gréasáintallaghtcity.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is baile mór é Tamhlacht[1] (Béarla: Tallaght ) i gContae Átha Cliath Theas, agus é ar an tríú baile mór is mó i bPoblacht na hÉireann tar éis Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí. Roimh an mbliain 1970 ní raibh ach cúpla céad duine ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir chathair Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lán tithe nua ann le linn na seachtóidí, áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach. Is ann atá Ospidéal Thamhlachta lonnaithe. Tá Club Peile agus Iománaíochta Thomáis Dáibhís ar na clubanna is sine i dTamhlacht.

Tamhlacht in 2017
Comhartha ag Stásiún Luas Tamhlachta

Sanasaíocht

Halla an Chontae, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Tamhlacht
Leabharlann an Chontae, Tamhlacht
Ospidéal Thamhlachta
Ionad Ealaíne Rua Red
Staid Thamhlachta, staid bhaile Ruagairí na Seamróige

Ainmneacha Stairiúla den Cheantar (le foinsí)

Tagann an logainm Tamhlacht ó na focail támh (plá) agus leacht (láthair adhlactha). I gcuntas ar Pharthalón in Annála na gCeithre Máistrí atá an chéad trácht ar an logainm le fáil. Deirtear go raibh Parthalón ar dhuine de na chéad ionróirí a tháinig go dtí Éire agus go bhfuair Parthalón féin agus 9,000 duine dá lucht leanúna bás den phlá. Tugadh "Taimleach Muintire Parthalon" ar an gceantar inar cuireadh iad ó shin i leith. In ainneoin na bhfinscéalta áfach, níl fianaise le holladhlacadh faighte i dTamhlacht go fóill.

Stair an bhaile

Gaelphobal Thamhlachta

Bunaíodh Cumann Gaelach Thamhlachta i 1974, mar chraobh de Chonradh na Gaeilge le grúpa Gaeilgeoirí a bhí mar chuspóir acu an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Thamhlachta agus Gaelphobal a fhorbairt go fadtéarmach. D’éirigh thar barr leis an ngluaiseacht seo.

Stiúir roinnt prionsabal leathan ó thosaigh an Cumann. Seo iad a leanas;

·        Go raibh an gnáthdhuine báúil don teanga is dá mbeadh an deis aige/aici, thabharfadh sé/sí tacaíocht ghníomhach don ghluaiseacht teangan.

·        Go bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga a bheadh á labhairt go forleathain agus daoine ag glacadh léi.

·        Go raibh nasc díreach idir an obair ag an leibhéal áitiúil agus an leibhéal náisiúnta is dá bharr sin gur chóir nasc a bheith ann idir an eagraíocht áitiúil agus an eagraíocht náisiúnta a bhí ag obair chun an teanga a chur chun cinn.

·        Gurbh í an scoil lán Ghaeilge an bealach is fearr chun a chinntiú go mbeadh sé ar chumas an chéad ghlúin eile an Ghaeilge a labhairt agus deis a thabhairt don ghluaiseacht Phobal na Gaeilge a thógáil  a bheadh bunaithe timpeall na na ngaelscoileanna.  D’fhéachfaí ar an scoil mar chuid lárnach do fhíor riachtanais an phobail.

An t-éacht ba mhó a rinne an Cumann ná meán- agus bunscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fail don cheantar. Bunaíodh an chéad scoil, Scoil Santain i 1979. Bunaíodh an dara scoil, Scoil Chaitlín Maude i 1985 chun freastal ar Iarthar Thamhlachta. I 1993 bunaíodh meánscoil lán Ghaelach, Coláiste de hÍde.

Sa lá atá inniu ann tá an cumann ag feidhmiú faoin ainm nua Gaelphobal Thamhlachta. Bíonn go leor imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl le freastal ar phobal na Gaeilge sa cheantar. Ina measc bíonn

Bunaíodh an club óige Feachtas Thamhlachta i 2015 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith.

Bunaíodh Aisteoirí Thamhlachta i 2017 agus tá trí dhráma léirithe acu ó shin i leith - Éirí na Gealaí, Ar Thóir na Féinne agus Ar Chúl an Tí.

Osclaíodh an 'Café Aon Scéal' i Nollaig 2019, ag 518 Sráidbhaile Thamhlachta. Is iad na huaireanta oscailte ná 9.30 go 4.00 Luan go Aoine, 10.00-3.00 Dé Satharn agus ó 11.00 go 3.00 Dé Domhnaigh.[4]

Mar chríoch, trí iarrachtaí Ghaelphobal Thamhlachta, tá dul chun cinn an mhór déanta i bhforbairt na Gaeilge mar theanga bheo chumarsáide i gceantar Thamhlachta. Cuireann sé go mór le saibhreas cultúrtha i gceantar ina  bhfuil ceann de na daonáirimh is mó sa tír ag maireachtáil. Tar éis nach mór caoga bliain  d’ obair chrua dhíograiseach is féidir a rá go bhfuil Gaelphobal láidir i dTamhlacht is beidh go deo!

An Ghaelscolaíocht i dTamhlacht

Chaith an file Caitlín Maude tamall maith ina cónaí i dTamhlacht, agus ghlac sí páirt san fheachtas leis an gcéad Gaelscoil|Ghaelscoil a bhunú sa cheantar - Scoil Santain. Tháinig an scoil seo ar an bhfód sa bhliain 1979. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair Caitlín Maude bás. Sa bhliain 1985, bunaíodh Gaelscoil nua i dTamhlacht a fuair ainm an fhile - Scoil Chaitlín Maude[5]. Sa bhliain 1993, bunaíodh Gaelcholáiste nua i dTamhlacht, a fuair a hainm ón chéad Uachtarán na hÉireann Dubhghlas de hÍde, duine mar is eol dúinn a bhí leathanaigeanta agus fad-dearcach agus gur bhreá leis teanga na Gaeilge, darb ainm Coláiste de hÍde.

Daoine cáiliúla

Féach freisin

Tagairtí

  1. Tamhlacht/Tallaght | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Today in Irish History –The Fenian Rebellion, March 5, 1867 – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2023-03-05.
  3. 'Éirí Amach na Cásca agus Cúige Uladh',. An tUltach 93 (3), lch 16-18. Fearghal Mac Bhloscaidh. Márta 2016
  4. 4.0 4.1 Facebook (2023). "Caifé Aon Scéal". Dáta rochtana: 2023.
  5. scoilcm.ie