Cineál | duine carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Náisiúntacht | Éire |
Muintir | |
Athair | Eochaid mac Ailella |
Leanaí | Rechtaid Rígderg |
Eile | |
Cúram | Ardrí na hÉireann |
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Lughaidh Laighdheach (Sean-Ghaeilge Lugaid Loígdech[1]) mac Eochaid mac Ailella.
Thug sé cabhair do Dhui Ladgrach chun Airgetmar a mharú, agus ina dhiaidh, mharaigh sé Dui chun an choróin a thógaint dó féin. Bhí sé i réim ar feadh seacht mbliana, sular mharaigh Áed Rúad garmhac Airgeadmhair é.
Lá amháin, dar le Céitinn, bhuail Lugaid i mbun seilge le cailleach aghaidh fidil. Agus é ina chodladh léi, bhain sé an masc di, agus bhí taibhreamh aige gur spéirbhean óg a bhí inti. Is é an chiall a bhain Céitinn as seo gurbh Éire a bhí i gceist, gur fhulaing Lugaid ar dtús saothar agus crá dá bharr, ach ansin gur bhain sásamh aisti.
Insíonn Céitinn scéal ón gcnuasach Cóir Anmann faoi Lugaid Loígde ar leith, ar cheann de chúigear mac Dáire Doimthech, gach duine acu darbh ainm Lugaidh.
Thug draoi tairngreacht do Dháire go mbeadh mac amháin dá chlann ina rí Eireann. Nuair a d'fhiafraigh Dáire cé acu, dúradh leis an cúigear a thabhairt go Tailte, agus dul i ndiaidh oisín álainn a bhfeicfidís ann. Bheadh sé ina rí an té arbh fhéidir leis an oisín a fhágaint ar deireadh. Chuaigh siad ar a thóir ó Thailte go Binn Éadair, áit a cheilt ceo draíochta an cuirfear go léir ó fhir na hÉireann. Ba é Lugaidh Laighdhe a rug an t-oisín. Ní chreideann Céitinn an scéal, ámh, toisc go raibh athair éagsúil ag an Lugaidh seo.[3]
Réamhtheachtaí Dui Ladgrach |
Ard-Rí na hÉireann LGÉ 4th century RC FFÉ 537-530 RC ACM 738-731 RC |
Comharba Áed Rúad |