Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Meán Fómhair 1935 La Junta, Colorado |
Bás | 10 Samhain 2001 66 bliana d'aois Sacred Heart Medical Center University District, Oregon (en) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse an ae) |
Áit adhlactha | Kesey Family Farm Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Oregon Ollscoil Stanford Ardscoil Springfield |
Áit chónaithe | Springfield |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Litríocht agus litríocht iar-nua-aoiseach |
Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, iomrascálaí amaitéarach |
Gluaiseacht | Iar-nua-aoiseachas |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Spórt | iomrascáil amaitéarach |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Páiste | Sunshine Kesey |
Athair | Fred Alvin Kesey agus Geneva Wilma Smith |
Suíomh gréasáin | intrepidtrips.com |
|
Scríbhneoir Meiriceánach ab ea Ken Kesey. Rugadh i La Junta i gColorado é ar an 17 Meán Fómhair 1935, agus fuair sé bás i bPleasant Hill, Oregon ar an 10 Samhain 2001.
Bhí sé ní b'óige ná an Beat generation agus róshean le bheith ina hipí, agus dhearc sé air féin mar nasc idir an dá ghlúin seo i stair chultúrtha na Stát Aontaithe. Bhí clú, nó míchlú, air as an dóigh a raibh sé ag blaiseadh de na drugaí sícighníomhacha.
Ba é an saothar ba thábhachtaí a tháinig óna pheann ná an t-úrscéal úd One Flew Over the Cuckoo's Nest, a thug cur síos ar an saol i ngealtlann na bpríosúnach agus ar an dóigh ar éirigh fear de na príosúnaigh amach in aghaidh an diansmachta. Chuaigh an scéal seo ar an scáileán freisin, agus ba é Jack Nicholson a rinne an phríomhpháirt sa scannán.
Áirítear na cinn seo ar shaothar tábhachtach Kesey: