(1956) | |||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | (fr) Jean-Louis Lebris de Kérouac 12 Márta 1922 Lowell, Massachusetts | ||||||||||||||||
Bás | 21 Deireadh Fómhair 1969 47 bliana d'aois St. Petersburg, Florida, Florida | ||||||||||||||||
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Fuiliú inmheánach) | ||||||||||||||||
Áit adhlactha | Edson Cemetery (en) | ||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||
Reiligiún | An Búdachas agus Caitliceachas | ||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Columbia Ardscoil Lowell | ||||||||||||||||
Teanga dhúchais | Fraincis Cheanada | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Réimse oibre | Litríocht Mheiriceánach, úrscéal dírbheathaisnéiseach agus American poetry (en) | ||||||||||||||||
Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir scripte, úrscéalaí, file, scríbhneoir próis | ||||||||||||||||
Gluaiseacht | An Ghlúin Beat | ||||||||||||||||
Faoi thionchar | |||||||||||||||||
Teangacha | Béarla agus an Fhraincis | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Saothar | |||||||||||||||||
Saothar suntasach
| |||||||||||||||||
Suíomh a chartlainne | |||||||||||||||||
Teaghlach | |||||||||||||||||
Céile | Edie Parker (1944–1948) Joan Kerouac (1950–1951) Stella Sampas (1966–1969), bás an duine | ||||||||||||||||
Athair | Léo Alcide Kerouac agus Gabrielle Ange Lévesque | ||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | jackkerouac.com | ||||||||||||||||
|
Údar agus file Meiriceánach ab ea Jack Kerouac (12 Márta, 1922 – 21 Deireadh Fómhair, 1969). Duine de scríbhneoirí móra a linne a bhí ann, agus é ina cheannródaí ar ghluaiseacht liteartha an Beat Generation in éineacht le William S.Burroughs agus Allen Ginsberg.
Bhí Fraincis ó dhúchas ag Kerouac, agus níor thosaigh sé ag foghlaim Béarla ach in aois a shé bliana dó. Ba as Québec dá athair is dá mháthair, agus tógadh Jack le Fraincis, ionas gurbh í sin an teanga a labhraíodh sé riamh lena thuismitheoirí.
Ba chlódóir é a athair, Léo Keroack (1889-1946). Bhí gaol ag Léo leis an mbráthair Marie-Victorin (Conrad Kirouac), scríbhneoir agus luibheolaí arbh é a chuir bun le gairdín luibheolaíochta Montréal. Gabrielle-Ange Lévesque (1895-1972) an t-ainm a bhí ar mháthair Jack (Jean-Louis), agus thugadh an mac "Mémère" uirthi.
Col ceathair don pholaiteoir René Lévesque a bhí inti - an fear céanna a bhunaigh an Parti Québecois i ndeireadh na seascaidí agus a bhí ina Phríomh-Aire ar Québec sna blianta 1976-1985. Pósadh Léo agus Gabrielle-Ange i mí Dheireadh Fómhair 1915.
Is beag a scríobh Jack ina theanga dhúchais seachas cúpla lámhscríbhinn, ach dealraíonn sé gur as Fraincis a bhreac sé síos an chéad dréacht don úrscéal On the Road.
Tá clú agus cáil ar a shaothar inniu, ach ní bhfuair sé aitheantas ceart lena lá féin. Scríbhneoir cultais a bhí ann ar dtús, is é sin, scríbhneoir nach raibh suim ach ag dornán beag díograiseoirí ann. Ba í Ann Charters, eagarthóir a chuid leabhar, a bhain amach aitheantas dó tar éis a bháis.
Bhí an-tionchar aige ar scríbhneoirí eile ar nós Hunter S. Thompson, Tom Robbins, Lester Bangs, Will Clarke, Richard Brautigan, Ken Kesey, Haruki Murakami agus Tom Waits. Luaigh an file Gaeilge Cathal Ó Searcaigh a thionchar sa dán (Do Jack Kerouac) in The Bright Wave/An Tonn Gheal, cnuasach dátheangach a foilsíodh sa bhliain 1986.
Is iad na leabhair is cáiliúla a tháinig óna pheann ná