Is polaiteoir Éireannach é Gerry Adams (Gaeilge: Gearóid Mac Ádhaimh). Saolaíodh é ar an séú lá de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1946 i mBaile Uí Mhurchú, Béal Feirste. Tá sé ina Theachta Dála don dáilcheantar An Lú (agus Oirthear na Mí.) Ba Uachtarán Shinn Féin é go dtí Feabhra 2018 nuair a d'éirigh sé as an ról agus toghadh Mary Lou McDonald ina hUachtarán ar an pháirtí.[1]
D’éirigh sé gníomhach i ngluaiseacht na gceart sibhialta sna 1960idí, agus bhí sé gníomhach i bhfeachtais in aghaidh an idirdhealaithe maidir le cúrsaí tithíochta.
Rinneadh é a imtheorannú in 1972. I Mí Iúil sa bhliain 1972 scaoileadh saor é chun bheith páirteach i gcainteanna rúnda i Londain. Tar éis a athghabhadh, rinne sé iarracht éalú ach cuireadh i bpríosún é.
Ar an 21 Deireadh Fómhair 1982, toghadh Adams (agus Martin McGuinness) ar Chomhthionól Uladh. Baineadh geit as muintir na Bunaíochta[2].
Sa bhliain 1984 scaoileadh agus gortaíodh go dona é in ionsaí a rinne grúpa dílseacht a bhí ag obair i gclaonpháirteachas le forásaí faisnéise na Breataine.
Bhí Adams ina uachtarán ar Shinn Féin idir 1983-2018. Chomh maith leis sin, b'fheisire é i bParlaimint na Ríochta Aontaithe idir 1983-1992 agus arís idir 1997-2011. Ba chomhalta den Tionól Reachtach é i dtuaisceart na hÉireann idir 1998-2010. Ba Theachta Dála é thar ceann Chontae an Lú idir 2011-2020. D'éirigh sé as a ról mar ionadaí tofa in 2020.