Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | FG |
Cineál | páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas Críostaí Eorpachas coimeádachas liobrálach liobrálachas eacnamaíoch |
Ailíniú polaitíochta | ar dheis ón lár |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 8 Meán Fómhair 1933 |
Bunaitheoir(í) | Liam Tomás Mac Cosgair, Frank MacDermot agus Eoin Ó Dubhthaigh |
Gníomhaíocht | |
Ball de | Páirtí Phobal na hEorpa |
Ballraíocht | 21,000 (2016) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Martin Heydon Leo Varadkar (2017–) |
Eile | |
Dath | |
Suíomh gréasáin | finegael.ie |
Páirtí polaitíochta i bPoblacht na hÉireann is ea Fine Gael. Tá sé ar an dara páirtí is mó i rialtas na hÉireann: tá séúr airí sinsearacha acu as cúigear déag, agus tá ceannaire an pháirtí, Leo Varadkar, ina Thaoiseach i láthair na huaire. Fuair an páirtí 20.9% de na vótaí céad-rogha agus 35 suíochán Dála in Olltoghchán 2020, á chur ar an tríú páirtí is mó sa Dáil.
De réir mar a maíonn an páirtí féin, tá timpeall ar 30,000 duine ina mbaill d'Fhine Gael.[1] Inniu, dearctar go ginearálta ar Fhine Gael mar an páirtí is faide ar an eite dheis de na páirtithe a bhfuil ionadaíocht acu i nDáil Éireann ó thaobh na heacnamaíochta de, agus iad ag tacú go mór le cánacha ísle agus polasaithe a thacaíonn leis na gnólachtaí.[2] Ar cheisteanna sóisialta, meastar go bhfuil Fine Gael níos liobrálaí ná príomh-pháirtí traidisiúnta eile na hÉireann, Fianna Fáil, ach níos coimeádaí ná an chuid is mó de pháirtithe eite chlé na hÉireann.[2] Tacaíonn an páirtí go láidir le ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, agus é ag cur in aghaidh Phoblachtánachas na láimhe láidre go tréan.
Tá siad ina mball de Pháirtí Eorpach an Phobail i bParlaimint na hEorpa, agus is iad na páirtithe Críost-daonlathacha, a bhíonn go ginearálta ins an ghrúpa seo chomh maith, na páirtithe is cosúla le Fine Gael i mór-roinn na hEorpa.
Téann stair Fhine Gael siar go dtí laethanta an Chogaidh Chathartha. Ach níor tháinig an páirtí ar an bhfód roimh an mbliain 1933, nuair a tháinig an Lár-Pháirtí Náisiúnta, Cumann na nGaedheal agus an Garda Náisiúnta (nó "Na Léinte Gorma" tráth dá raibh) le chéile.
Bhí baint áirithe ag Fine Gael leis an Language Freedom Movement nuair a bhí an ghluaiseacht sin ag cur in aghaidh na "Gaeilge éigeantaí" sna 1960idí/1970idí, rud a tharraing míchlú áirithe frith-Ghaeilgeoireachta ar an bpáirtí ag an am.
In Earrach na bliana 2006, d'éiligh Éanna Ó Cionnaith, ceannaire an pháirtí, go maolófaí ar stádas na Gaeilge sna scoileanna. Is í an chiall a bhain gluaiseacht na Gaeilge as an gcineál sin cainte ná gurbh é seandúchas an pháirtí ó laethanta an LFM a tháinig chun solais arís.
Leanadh den pholasaí seo go dtí an bhliain 2011, ainneoin gan tacaíocht aon fhianaise a bheith ag an impleachtaí an pholasaí dar leo. Mar sin féin is beag cainte a rinneadh faoi tar éis allagar an toghcháin agus tuigeadh go raibh Páirtí an Lucht Oibre tar éis cur ina choinne mar pholasaí.
Ceannaire | Blianta | Toghcheantar |
---|---|---|
Eoin Ó Dubhthaigh | 1933–34 | Ceann ar bith. |
L. T. Mac Cosgair | 1934–44 | Ceatharlach-Cill Chainnigh |
Risteard Ó Maolchatha | 1944–59 | Tiobraid Árann |
Séamas Diolún | 1959–65 | Muineachán |
Liam Mac Cosgair | 1965–77 | Dún Laoghaire |
Gearóid Mac Gearailt | 1977–87 | Átha Cliath Theas Thoir |
Ailéin de Diúc | 1987–90 | Cill Dara |
Seán de Briotún | 1990–2001 | An Mhí |
Micheál Ó Nuanáin | 2001–02 | Luimneach Thoir |
Éanna Ó Cionnaith | 2002–17 | Maigh Eo |
Leo Varadkar | 2017– | Bhaile Átha Cliath Thiar |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |