Infotaula de personaGabriel Rosenstock

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1949
74/75 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, iriseoir, scríbhneoir, aistritheoir, file, scríbhneoir litríocht pháistí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Rugadh Gabriel Rosenstock i gCill Fionnáin i gContae Luimnigh sa bhliain 1949, mac le dochtúir Gearmánach as Schleswig Holstein. Banaltra as Gaillimh ó dhúchas ab ea a mháthair. Ba é an tríú duine clainne as seisear agus an chéad pháiste a rugadh don lánúin in Éirinn. Rinne sé staidéar i gColáiste Ollscoile Chorcaí, áit a raibh sé ina bhall de Innti, grúpa filí óga a chuir iris amach agus a chuaigh ar fud na tíre ag léamh a gcuid saothair. Tá an-chuid filíochta agus leabhair do pháistí scríofa agus aistrithe go Gaeilge aige.

Chaith sé seal ag obair leis an tsraith theilifíse `Anois is Arís' ar RTÉ, agus tamall leis an nuachtán Anois. Chaith sé formhór a shaoil sa Ghúm agus nuair nach bhfuair sé ardú céime ar bith ann chinn sé ar éirí sé as chun dul i mbun pinn go lánaimseartha. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Poetry Ireland / Éigse Éireann agus is iomaí duais liteartha atá bronnta air: sparántachtaí ón gComhairle Ealaíon agus an Irish-American Cultural Foundation Award mar shampla. Tá baint lárnach aige leis an bhféile litríochta IMRAM. Tá ballraíocht shaoil aige i gCumann na nAistritheoirí agus na dTeangairí. Is ball d'Aos Dána é.

Is nia leis é Mario Rosenstock, agus ball den chúigread traidisiúnta Téada is ea a mhac Tristan Rosenstock.

Saothair

Filíocht

Guthanna Beannaithe an Domhain (Coiscéim, 2008) Tuairiscíonn Krishnamurphy ó Bagdhad (Coiscéim, 2007) Bliain an Bhandé/Year of the Goddess (Dedalus Press, 2007) [téacs dátheangach] I met a man-: luminous lines concerning real people from real places (Doghouse, 2005) Rogha Dánta /Selected Poems (Cló Iar-Chonnachta, 2005) Forgotten Whispers/ Cogair dhearúdta (Anam Press, 2003) [téacs dhátheangach i gcomhar le John Minihan] Eachtraí Krishnamurphy (Coiscéim, 2003) Krishnamurphya ambaist (Coiscéim, 2004)

Eile

Dialann anama: dialann idirghníomhach agus ábhar machnaimh le haghaidh 52 seachtain (Coiscéim, 2007) Ólann mo mhiúil as an nGainséis (Cló Iar-Chonnachta, 2003

Aistriúcháin

An tAonú Aithne déag: rogha dánta (Coiscéim, 2008) [aistriúchán ar Das elfte Gebot: ausgewählte Gedichte le Michael Krüger] Agallamh an tseanóra lena anam: dánta (Coiscéim, 2007) [aistríchán ar Der alte Mann spricht mit seiner Seele le Günter Kunert] Crann almóinní milis agus searbh: rogha dánta (Coiscéim, 2006) [aistriúchán ar Bittersüsser Mandelbaum: ausgewählte Gedichte le Hilde Domin]

Daoine óga

Daoine Óga An tOllamh Folamh (Cois Life, 2009). Thugas an ghealach ag siúl (An Gúm, 2007) [aistriúchán ar I took the Moon for a Walk le Carolyn Curtis] Na daoine dalla: saorchóiriú ar scéal béaloidis (An Gúm, 2007) Clann na nÉan: úrscéal gairid do dhéagóirí (Comhar Teoranta, 2005) Scuabtha chun siúil (An Gúm, 2002) [aistriúchán ar Room on the Broom le Julia Donaldson]

Rogha foilseachán

Filíocht i nGaeilge agus eagráin dhátheangacha

Naisc sheachtracha