Infotaula de personaPaddy Bushe
Beathaisnéis
Breith1948
75/76 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

File Éireannach is ea Paddy Bushe a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1948. Scríobhann sé i mBéarla agus i nGaeilge, agus tá sé ina chónaí i mBaile na Sceilge, Ciarraí. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht air chun cnuasach dátheangach a chumadh a bhaineann le taisteal sa Chianoirthear.

Rinne Bushe scannán cáipéise dar theideal The Truth About Kathmandu, a taispeánadh den chéad uair i bhFómhar na bliana 2009. Freagra a bhí ann ar an scannán Fairytale of Kathmandu, a chuir tús le conspóid faoi Chathal Ó Searcaigh, file. I scannán Bushe cuireadh agallamh in athuair ar roinnt fear óg a bhí in Fairytale agus dearcadh níos báúla i leith Uí Shearcaigh ann.[1]

Saothair

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Kathmandu revisited to clear poet’s name, Colin Coyle, The Times, 13 Meitheamh 2009, curtha i dtaisce ar 13 D.F. 2009