Cineál | IBA official cocktail (en) |
---|---|
Comhábhair | |
Cupán molta | gloine caife Gaelach |
Is manglam é Caife Gaelach, le uisce beatha, caife, siúcra agus uachtar.
I dTamhlacht, sa Chaifé Aon Scéal, bíonn An Mocha Coinníollach ar an mbiachlár.[1]
Conas caife Gaelach a dhéanamh?[2]
Comhábhair 25ml Uisce Beatha na hÉireann; spúnóg bhoird siúcra; uachtar agus espresso dúbailte te le braon beag uisce te leis an ghloine a líonadh
1. Tóg gloiní téite caife agus cuir isteach an t-uisce beatha
2. Cuir an siúcra isteach le tuaslagadh san uisce beatha
3. Cuir isteach an caife agus corraigh go maith.
4. Buail an t-uachtar go héadrom ach déan cinnte gur féidir é a dhoirteadh.
5. Déantar an t-uachtar buailte a dhoirteadh go cúramach thar droim spúnóige a choinnítear ar dtús díreach os cionn dromchla an chaife agus a ardaítear go réidh agus tú ag doirteadh, is ceart don uachtar snámh ar barr.
6. Dáil agus bain taitneamh as an deoch
D'fhás an aerthrácht trasatlantach sna 1930idí[3] agus le linn an chogaidh agus ba é cósta thiar na hÉireann an áit Eorpach ba chóngaraí do Mheiriceá Thuaidh. Thuirling na báid eitilte idir Sasana agus SAM i bhFaing. Chum cócaire i gcalafort Fhainge, Contae Luimnigh, an chéad oideas do chaife Gaelach. Bhíodh eitleáin ag tuirlingt i gcalafort Fhainge le líonadh le breosla roimh dhul trasna an Atlantaigh ón Eoraip (níos déanaí, tógadh Aerfort Idirnáisiúnta na Sionainne ina áit). Theastaigh ó Sheosamh Ó Sireadáin (Joseph Sheridan), an cócaire a bhí i gceist, na paisinéirí a choinneáil te agus an breosla á chur san eitleán. Cumadh an caife Gaelach nuair a thuirling scata paisinéirí ó bhád aeir de chuid Pan Am tráthnóna fuar geimhridh sa bhliain 1942, 1943[4] nó 1944.[5] Chuir Sheridan uisce beatha sa chaife leis na paisinéirí a théamh.
Bhí Caife Gaelach le fáil don chéad uair sna Stáit Aontaithe, is cosúil, ar 10 Samhain 1952 sa Buena Vista Café,[6] i Fisherman's Wharf, San Francisco.[7]