Teaghlach | |
---|---|
Páirtí | Art mac Cuinn |
Máthair Chormaic mhic Airt ab ea Achtan, a mhair c. 1d-2a haoiseanna AD.
Sa seanscéal Cath Maige Mucrama, iníon Olc Acha de na Crich Óic Bethra ab ea Achtan, a bhíodh ina gcónaí gar do Dhroichead an Chláirín, Contae na Gaillimhe mar atá inniu. Ar an oíche roimh an gcath, bhí Art mac Coinn mar aoi Olc Acha, a d'fhiafraigh de cé mhéad leanbh a bhí aige. Ar eagla go bhfaigheadh sé bás agus chun a ríshliocht a chosc, mhol Olc Acha go luífeadh Cormac le hAchtan go mnginfeadh sé mac.
Thug Achtan ar an saol Cormac mac Airt, sinsear na gConnacht, agus dá bharr is sinsear í de shleachta amhail is muintir Uí Fiachrach, Uí Briúin, Uí Ailello agus Muintir Murchada. San áireamh clann atá de shliocht seo ná muintir MacDermot, O'Conor, Ó Cléirigh, O'Flaherty, O'Dowd, O'Shaughnessy, McGivergan agus O'Hynes.
Iomrall aimsire is ea an t-ainm Connacht le linn ré Achtana. Deirtear gur de shliocht Choinn Chéadchathaihh, a mhair roinnt aoiseanna níos deireanaí, ab ea na Connachta, a bhfuil an chúige anois ainmnithe astu. I scéalta níos déanaí, faightear an t-ainm Fir Ol nEchmacht mar ainm moch na cúige, um an fadhb sé a réiteach. Go hiondúil, is bréag-iarracht ag manaigh Chríostaí í, luathchroineolaíocht na nGael a shioncronú le stair chlasaiceach agus bhíobalta.