Fir Dhál Éachmacht (Sean-Ghaeilge Fir Ól nÉcmacht[1]) ba ea an t-ainm a tugadh do chine a mhair in Éirinn réamhstairiúil.
Is amhlaidh gurb í brí Ól ná "Dál" (.i. Dál gCais, Dál Riada), agus an bhrí iomlán ná Daoine Chine Échmacht , agus Échmacht mar ainm sloinne.
Creideann roinnt scoláirí go bhfuil nasc idir Fir Ól nÉchmacht agus an treibh Nagnatae luaite ag Tolamaes ina shaothar den dara haois AD, Geografaíocht.[2]
Bhí an tír go léir taobh thiar den tSionainn, a bheag nó a mhór, ainmnithe astu, 'sé sin, Cóiced Ól nÉchmacht (Cúige Dhál Éachmacht) go dtí an c. 5ú-7ú haois stairiúil. Le teacht chun cinn na gConnacht, áfach, athainmníodh go Cúige Chonnacht é.