Is é Yukio Mishima (Seapáinis: 三島 由紀夫 [= Mishima Yukio]) an t-ainm cleite a bhí ag an scríbhneoir, aisteoir, náisiúnaí agus stiúrthóir scannán SeapánachKimitake Hiraoka (Seapáinis: 平岡 公威 [= Hiraoka Kimitake]). Deirtear go raibh Mishima, scríbhneoir bisiúil a chum úrscéalta, gearrscéalta, dánta, drámaí agus leabhróg, ar dhuine desna scríbhneoirí Seapánacha is tábhachtaí sa 20ú haois.
Beatha
Rugadh Mishima ar an 14ú lá d’Eanáir i Shinjuku, ceantar Thóiceo na Seapáine, sa bhliain 1925
Chuir sé lámh ina bhás féin ar an 25ú lá de Mhí na Samhna in Ichigaya, ceantar eile Thóiceo, sa bhliain 1970. Ghiorraigh Mishima leis féin tar éis dó ráiteas a thabhairt ó bhalcóin de chuid an fhoirgnimh a bhí mar cheannáras ag Ceannasaíocht Thoir Fhórsaí Féinchosanta na Seapáine. Bhí sé mar aidhm ag Mishima agus é ag tabhairt an ráitis sin ná baill Fhórsaí Féinchosanta na Seapáine a spreagadh chun coup d’état a dhéanamh agus an t-impire a chur thar n-ais i gceannas ar an dtír. Seachas coup d’état a dhéanamh ar an tSeapáin, áfach, rinneadar gáire agus magadh faoi Mhishima agus faoina ráiteas. Agus é léir do Mhishima nár éirigh leis coup d’état a spreagadh, d’imigh sé ón mbalcóin agus thug sé seppuku dó féin.
Yukio Mishima (1925-1970), ag tabhairt ráitis ó bhalcóin ar an lá ar chuir sé lámh ina bhás féin.
Saothar
Is iad an chollaíocht, an bás agus an t-athrú polaitiúil príomhábhair na saothar de chuid Mhishima agus is cosúil gurb iad na húrscéalta 仮面の告白/Kamen no Kokuhaku (Gaeilge: ‘Coibhseana Cealtrach’) agus 金閣寺/Kinkaku-ji (Gaeilge: ‘Teampall an Phailliúin Órga’) na saothair is cáiliúla dár scríobh sé.
Bhí Mishima i measc na ndaoine a bhí á meá i gcomhair Dhuais Nobel na Litríochta sa bhliain 1968. Ní le Mishima a bhí duais na bliana sin, áfach; moladh do Yasunari Kawabata, scríbhneoir Seapánach eile agus cara de chuid Mhishima, í.