Comhlacht miondíola Meiriceánach is ea Wal-Mart Stores, Inc., nó Walmart, a reachtálann slabhra siopaí lascaine móra ilranna agus siopaí trádstórais. Is é an comhlacht is mó ar domhan é.
Bhunaigh Sam Walton an grúpa sa bhliain 1962 le siopa amháin i mBentonville, Arkansas, agus d'fhás an comhlacht go tapaidh. Cheannaigh Walmart ollmhargaí taobh amuigh de na Stáit Aontaithe freisin, mar shampla Asda sa Bhreatain agus Seiyu sa tSeapáin. Tá breis is 2.2 mhilliún duine á bhfostú acu ar fud an domhain.
Bíonn Walmart in iomaíocht le SuperValu agus siopaí móra eile i Meiriceá.
An mana atá acu ná "Save Money, Live Better".
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |