Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Baile Átha Cliath |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Ollscoil Simon Fraser Coláiste Belvedere |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Is scríbhneoir agus iriseoir Éireannach é Torlach Mac Con Midhe a rugadh i mBaile Átha Cliath.[1] Chaith sé a laethanta saoire mar pháiste i nDoire Colmcille agus i dTír Chonaill, dúchas muintir a mháthar, muintir Uí Chreag (ceannródaí i ngluaiseacht na Gaeilge ab ea a sheanuncail, Séamus Ó Creag[2]). Chuaigh sé ar scoil leis na hÍosánaigh i gColáiste Belvedere i mBÁC. Ghnóthaigh sé céim i dteangacha i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Rinne sé staidéar iarchéime ar theangeolaíocht ag Ollscoil Simon Fraser i gCeanada, áit ar bhronnadh Ph.D. air i 1982 de bharr tráchtais ar stair na teangeolaíochta. Tá leabhair agus ailt idir léannta agus eile foilsithe aige i nGaeilge, i bhFraincis, i nGearmáinis agus i Rómainis na hEilvéise.
Tá sé ina chónaí in Chur na hEilvéise agus é ina iriseoir agus ina scríbhneoir saor. Scríobhadh sé don Irish Times agus do La Quotidiana (nuachtán lae na Rómainise).
Tá sé leabhar neamhfhicsin foilsithe aige:
Tá úrscéal faoin réamhstair foilsithe aige freisin: Crothla agus Cnámha (Coiscéim 2018). Tá suíomh Idirlín ag an leabhar seo[4].
Tá podchraoltaí agus ábhar eile uaidh le cloisteáil ar chainéal YouTube Thorlaigh Mhic Con Midhe.