Cineál | tonn teasa ![]() |
---|---|
Tréimhse | 12 Meitheamh 2022 - |
2023 ![]() | |
Tír | an Spáinn, an Fhrainc, an Phortaingéil, an Eilvéis, an Ríocht Aontaithe, Éire, an Ghearmáin, an Pholainn agus an Bheilg ![]() |
Cúis | téamh domhanda Samhradh ![]() |
Le cuid | |
I lár mhí Iúil 2022, bhí foláireamh eisithe ag Met Éireann, Oifig na hAimsire in Éirinn agus i dtíortha eile san Eoraip, maidir le "teochtaí thar an gcoitiantacht".[2]
I lár mhí Iúil 2022, bhí foláireamh eisithe ag Met Éireann, Oifig na hAimsire in Éirinn agus i dtíortha eile san Eoraip, maidir le "teochtaí thar an gcoitiantacht".[3]
Bhí tonn teasa eile san Eoraip i lár mhí an Mheithimh 2022, ach aimsir fhliuch in Éirinn ag an am [4]
Dúirt saineolaithe gur athrú aeráide ba chúis leis an aimsir dhainséarach seo agus go n-éireoidh cúrsaí níos measa sna blianta atá amach romhainn.[5]
Agus an aimsir níos teo agus níos tirime ná mar is iondúil in Éirinn, d'eisigh Met Éireann rabhadh buí ar 15 Iúil 2022 maidir le gach áit sa tír agus tugadh le fios go bhféadfadh daoine leochaileacha a bheith i mbaol. Bhí an teocht idir 25C agus 33C i rith an lae ar 18-19 Iúil, a bhuíochas do chrios ardbhrú ón iardheisceart. Bhí sé thar a bheith té thar oíche chomh maith (idir 15 agus 20 céim san oíche).[6]
I bPáirc an Fhionnuisce, cláraíodh an teocht is airde i mBaile Átha Cliath riamh, 33.0 céim Celsius, ar 18 Iúil 2022 ( 20.1°C ar an meán 1981-2010).[7] Taifeadadh 33.3 céim C i gCill Chainnigh ar 26 Meitheamh 1887,an leibhéal is airde riamh in Éirinn agus seasann an churiarracht i gcónaí.[8]
In Ail Finn i gcontae Ros Comáin ar an 19 Iúil 2006 a cláraíodh an teocht is airde in Éirinn idir 1887-2022, 32.3 céim Celsius.[6]
Chuir oifig na haimsire i Sasana rabhadh dearg teasa amach do Londain, Manchain agus York don 18-19 Iúil. Den chéad uair riamh fógraíodh éigeandáil náisiúnta brothaill, agus teocht chomh hard le 40 céim Celsius á tuar.
Dúirt oifig meitéareolaíochta na Breataine ar 19 Iúil go raibh an teocht ag 40.3 i gConingsby (agus 40.2C ag Heathrow i Londain ag 11.50 ar maidin), an leibhéal is airde riamh i Sasana.[5][9]
Tugtar rabhadh go bhféadfadh an brothall millteanach seo daoine atá “slán agus folláin” a chur as a sláinte nó a mharú.
Fuair os cionn 500 duine bás sa Spáinn sa tonn teasa a mhair 10 lá (farasbarr básanna[10] 2022 v. 2021 de réir an Carlos III Health Institute[11]),[12] Bhí an teocht 45.6 céim Celsius in Andalúis na Spáinne agus 40 céım i Maidrid.[6] Bhí an Spáinn spalptha cheal báistí i mbliana agus níos lú ná leath an ghnáthleibhéil acu. D’iarr na húdaráis ar dhaoine i ndeisceart na tíre gan tabhairt faoi aon turas sa teas. Bhí ionaid phoiblí a raibh fuarú agus uisce ar fáil iontu oscailte do dhaoine nach bhfuil aerchóiriú ina dtithe.
Sa bhFrainc, sa nGréig, sa Chróit, sa Spáinn agus sa Phortaingéil, tá lucht dóiteáin gnóthach ag iarraidh tinte foraoise a cheansú agus daoine a choinneáil slán. B’éigean daoine a aslonnú as iardheisceart na Tuirce agus as iarthar na Spáinne de bharr falscaithe.[6]