Cineál | dia de chuid na gCeilteach carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí ar Éireann ba ea Tiarnmhas (Sean-Ghaeilge Tigernmas[1]) mac Follaigh, mac Ethriel, de shliocht Éiremhóin.
De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i réim nuair a dhíbrigh sé a réamhtheachtaí Conmhaol i gCath Aonach Mhacha. Laistigh d'aon bhliain dá theacht i gcoróin, bhuaigh sé seacht gcath is fiche in éadan sliochtach Eber Finn, ag cloí nach mór an sliocht go léir.
Deirtear gur bruithníodh ór don chéad uair riamh i rith a réimis, ag an ngabha, Iuchadán. Ba é Tiarnmhas an chéad rí a thug coirn dá lucht coimhdeachta. Ba é an chéad a chaith éadaí daite le corcra, gorm agus uaine, agus cóirithe le dealga, frainsí agus seoda. Agus é ina rí, tharla deich dtomhaidhm, seacht loch agus trí abha.
Bhí Tigearnmhas i gcoróin ar feadh 70 bliain (nó 100 bliain de réir an Leabar Fidhnacha[2], lch. 23). Fuair seisean agus trí cheathrú d'fhir na hÉireann bás ar Mhaigh Sléacht[3] agus Crom Cruach á adhradh acu, dia gránna a mhaolaíodh le híobairt daonna.[4][5] De réir Annála na gCeithre Máistrí, bhí idir-riocht in Éirinn ar feadh seacht mbliana tar éis a bháis, sular thóg Eochaid Étgudach an ríogacht.[6]
Réamhtheachtaí Conmáel |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1621–1544 RC FFE 1209–1159 RC |
Comharba Eochaid Étgudach |