Theta Eridani | |
---|---|
Cineál | déréalta, réalta, réalta ard-dualghluaisne, réalta dhúbailte, near-IR source (en) agus réalta athraitheach |
Cineál speictreach (réalta) | A2V[1] |
Réaltbhuíon | An Abhainn |
Aois | J2000.0 |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Fad ón Domhan | 51.1253 pc [2] |
Ga | 16 R☉ |
Dearbhmhéid | −0.59 |
Méid dhealraitheach (V) | 3.1173 (banda G)[2] 2.094 (banda K)[3] 2.159 (banda H)[3] 2.245 (banda J)[3] |
Mais | 2.6 M☉ |
Saobhdhiallas | 19.5598 mas[2] |
Dualghluaisne (diallas) | 23.503 mas/y [2] |
Dualghluaisne (dronairde) | −54.461 mas/y [2] |
Luas gathach | 11.9 km/s[4] |
Dronairde (α) | 2h 58m 15.6792s[2] |
Diallas (δ) | -40° -18′ -16.8457″[2] |
Lonrachas | 145 solar luminosity (en) |
Le cuid | |
Catalóga réalteolaíochta | |
CCDM J02583-4018AB (Catalog of Components of Double and Multiple Stars (en) ) CSV 100250 (Catalogue of suspected variable stars (en) ) HIC 13847 (Hipparcos Input Catalogue (en) ) HIP 13847 (Hipparcos Catalogue (en) ) IDS 02545-4042 AB (Index Catalogue of Visual Double Stars (en) ) IRAS 02563-4030 (IRAS (en) ) UBV 2905 (UBV Photoelectric Photometry Catalogue (en) ) uvby98 100018622 (uvbyβ Photoelectric Photometric Catalogue (en) ) WDS J02583-4018AB (Washington Double Star Catalog (en) ) θ Eri (Bayer designation (en) ) TIC 321087975 (TESS Input Catalog (en) ) 2MASS J02581590-4018167 (2MASS) |
Is é Theta Eridani, θ Eri, nó Acamar, ceann de na réaltaí is tábhachtaí i réaltbhuíon na hAbhann.
Is é Acamar an t-ainm traidisiúnta ar Theta Eridani. Cosúil le hAchernar, tá ainm Acamar bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”Deireadh na hAbhann”.
Tá Acamar agus Achernar suite réasúnta cóngarach dá chéile mar a fheictear dúinn féin sa réaltbhuíon iad. Tá Acamar suite tuairim is céad is trí scór de sholasbhlianta uainn.[5]
Déréalta í Acamar, ach is mar A-réaltaí a aicmítear an dá chomhréalta ó thaobh an speictrim de – mar sin is réaltaí teo bána nó bánghorma iad. Mar sin, Is A-réalta bán an réalta dhúbailte seo ar amharcmhéid 3.4, in éineacht le A-réalta eile atá ar méid 4.5; 2.9 an amharcmhéid chomhtháite.[5] Is furasta an péire optúil seo a scoilteadh le teileascóip bheaga. Ar chatalóg Tholamaes, is réalta den chéad mhéid í seo.[5]
Réaltaí príomhsheichimh iad an dá chomhréalta, agus níl mórán difríochta eatarthu ó thaobh na maise de: timpeall ar dhá oiread go leith de mhais na Gréine atá i ngach ceann acu.