Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Samhain 1881 Vín (An Ostair-Ungáir) |
Bás | 22 Feabhra 1942 60 bliana d'aois Petrópolis, An Bhrasaíl |
Siocair bháis | Féinmharú (Ródháileog barbatúráití) |
Áit adhlactha | an Bhrasaíl |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Giúdachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Vín |
Céim acadúil | céim dochtúireachta |
Comhairleoir dochtúireachta | Friedrich Jodl |
Áit chónaithe | Salzburg |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Vín Salzburg Beirlín Rio de Janeiro |
Gairm | scríbhneoir, staraí, beathaisnéisí, úrscéalaí, scríbhneoir próis, léirmheastóir liteartha, drámadóir, file, aistritheoir, iriseoir, scríbhneoir aistí |
Tréimhse oibre | 1901 – 1942 |
Faoi thionchar | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Friderike Maria Zweig |
Athair | Moritz Zweig agus Ida Zweig |
Croineolaíocht | |
1934 | imirce |
Márta 1933-Deireadh Fómhair 1933 | Nazi book burnings (en) |
Gradam a fuarthas | |
|
Ba scríbhneoir clúiteach i nGearmáinis é Stefan Zweig (a rugadh ar an 28 Samhain 1881 i Vín agus a d'éag 22 Feabhra 1942 sa Bhrasaíl). De bhunadh na hOstaire ba ea é, Giúdach, fear léannta, agus duine de na daoine sin a chonaic uafáis an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda. Chuir sé féin agus a chéile mná, Lotte, lámh ina mbás féin sa bhliain 1942 ar mhéid a n-éadóchais, creidtear.[1]
Ba den bourgeoisie Víneach é, sách rachmasach. Thart ar chasadh an chéid, bhí Vín ar cheann de chathracha úd na gcéadfaí, agus bhain na tithe caife go dlúth leis sin. ‘B’fhusa a bheith i d’Eorpach anseo ná in aon áit eile,’ a scríobh Zweig, agus mhínigh sé go raibh príomhnuachtáin na hEorpa ar fad sna tithe caife, ‘chomh maith le móririsí liteartha agus cultúir an domhain uile.’ Na tithe caife is mó a chuir dlús le héagsúlacht intleachtach Vín, a bhraith sé.[2]
Bhí cónaí ar Zweig ó 1919 go 1934 i Salzburg san Ostair.
Bhí saol cruthaitheach scríbhneoireachta thar a bheith torthúil aige agus ráchairt mhór ar a chuid scríbhneoireachta sna 1920idí agus 1930idí. Chuir sé idir dánta, gearrscéalta, úrscéalta, drámaí agus sleachta stairiúla i bhfoirm beathaisnéisí i gcló. Bhí lámh aige i bhforbairt an teach foilseacháin Insel-Verlag.[3]
Giúdach ab ea Zweig agus theith sé lena anam as an Ostair sular cuireadh bac ar dhaoine imeacht. Chuaigh sé go dtí Sasana, i dtús. Ansin chaith sé achar gairid i Nua-Eabhrac sular chuir sé faoi sa Bhrasaíl.
Agus é ar deoraíocht sa Bhrasaíl de bharr na Naitsithe, tháinig dúlagar air. Ainneoin an fháilte a chuir údaráis na Brasaíle roimhe ghéill sé don éadóchas. Shíl sé gur parthas iar-chiníoch a bhí sa Bhrasaíl.[3]
Sa bhliain 1942, agus dóchas caillte aige sa chine dhaonna, i bhfianaise an uafáis bhí ar siúl san Eoraip chuir sé féin agus a bhean chéile lámha ina mbásanna féin.