Is cineál ceoil bunaithe i gcultúr Afrai-Mheiriceánach é an snagcheol. Bíonn rithimí láidre ag snagcheol, agus seinntear é le huirlisí faoi leith – an clairinéad, an sacsafón, an trumpa, na drumaí, pianó go minic. Sa chanadh, is minic a bhíonn focail gan chiall ann, mar shampla “bipití baipití bú”.[1]
Bíonn tobchumadh le fáil go forleathan ann. Ciallaíonn sé seo nach mbíonn an ceol réamhullmhaithe ag na seinnteoirí ach cumann siad é de réir mar a théann siad ar aghaidh (ag leanúint nósanna áirithe).
Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil[2] ar an 30 Aibreán gach bliain.
Thosaigh an snagcheol i Nua-Orleans, Stáit Aontaithe Mheiriceá timpeall na 1920idí. Bhí an-tionchar ag an gcultúr Afrai-Mheiriceánach ar an snagcheol. Dheighil an snagcheol ina chineálacha difriúla ansin. Deirtear uaireanta gurb é an snagcheol "ceol clasaiceach na Stát Aontaithe" nó "an ealaín is dúchaisí de Meiriceá."
Dhein údaráis an raidió, agus fiú an tAire Poist & Teileagraf iarracht cinsireacht a dhéanamh ar na cineálacha ceoil a bhí á chraoladh ar an raidió ag tréimhsí éagsúla, faoi mar a deineadh nuair a reáchtáladh feachtas i gcoinne an tsnagcheoil i rith na 1930idí.[3] Léirítear sa chaint agus sa scríbhneoireacht ón am an bhéim a leagadh ar an gcoimhlint idir an chultúr ‘náisiúnta’ Éireannach agus an ‘eile’; i mórán de déantar ísliú céime den ‘eile’, sa chás seo cultúr an tsnagcheoil, rud a bhí primitíbheach, sean-fhaiseanta, mí-mhórálach, i gcomparáid le huaisleacht an chultúir náisiúnta.[4]
Foclóir a bhaineann leis an snagcheol[5]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |