Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Iúil 1970 53 bliana d'aois London Borough of Hackney, England |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ban-aisteoir, léiritheoir teilifíse |
Tréimhse oibre | 2001 – |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Siblín | Shane Horgan |
Duine muinteartha | Leighton Aspell (col seisir) |
Is aisteoir, scríbhneoir agus léiritheoir í Sharon Horgan, a rugadh ar an 13 Iúil 1970. Is fearr aithne uirthi as na sraith ghrinn Pulling (2006-09) agus Catastrophe (2015–inniu). Is í an príomhaisteoir agus comh-scríobhneoir sa chláir sin. Chruthaigh sí an tsraith coiméide HBO Divorce chomh maith (2016–inniu).
Bhuaigh Horgan an British Comedy Award for Best TV Actress 2008 le haghaidh Pulling, agus bhuaigh eipeasóid deireanigh an tsraith sin an British Comedy Award for Best Comedy Drama. Ainmníodh í le haghaidh BAFTA TV Award seacht uair
Bhuaigh sí an BAFTA TV Award for Best Comedy Writer 2016 le haghaidh Catastrophe (le Rob Delaney), agus ainmníodh í le haghaidh an Primetime Emmy Award for Outstanding Writing for a Comedy Series 2016.
Tá páirt ag Horgan sna scannáin Valiant (2005), Imagine Me & You (2005), Man Up (2015), agus Game Night (2018).
Rugadh Horgan i Hackney, Londain, Sasana. Is as Éire í a máthair, Ursula (née Campbell), ó Chontae Chill dara, agus is as An Trian Láir in aice leis na bailte Cill Cheallaigh, Coillte Mach agus Béal Átha na Muice i gContae Mhaigh Eo í a tuismitheoirí ó dhúchas. Is as Nua-Shéalainn é a hathair, John Horgan,[1] agus bhí teach tábhairne ar siúl aige. Nuair a bhí sí ceithre bliana d'aois, bhog an teaghlach go dtí Baile an Bheileogaigh, Contae na Mí in Éirinn, áit a raibh feirm turcaí acu.[2][3]