![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Meán Fómhair 1475 Bologna ![]() |
Bás | 1554 78/79 bliana d'aois Fontainebleau, An Fhrainc ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ailtire, conraitheoir ginearálta, scríbhneoir, péintéir, dearthóir ![]() |
Tréimhse oibre | 1511 (Féilire Ghréagóra) – 1554 (Féilire Ghréagóra) |
Teangacha | An Iodáilis |
Saothar | |
Saothar suntasach |
Ailtire Iodálach Gothaíoch ba ea Sebastiano Serlio (6 Meán Fómhair 1475 - c. 1554) agus é ina dhuine den mheitheal Iodálach a bhí ag tógáil Phálás Fontainebleau. Chuidigh sé leis an ord clasaiceach ailtireachta a chinntiú i dtráchtas clúiteach dar theideal I sette libri dell'architettura ("Seacht Leabhar na hAiltireachta") nó Tutte l'opere d'architettura et prospetiva ("Na Saothair Uile faoi Ailtireacht agus faoi Pheirspictíocht").
Rugadh Serlio in Bologna agus bhain sé an Róimh amach i 1514. D’oibrigh sé i saotharlann Baldassare Peruzzi, mar a raibh sé go dtí gur chuir Creach na Róimhe (1527) gach tionscadal ailtireachta ar fionraí ar feadh tamaill. Chuaigh sé i mbun ceirde mar phéintéir ar dtús. Bhí sé ina chónaí sa Veinéis ó thimpeall 1527 go dtí an chéad chuid de na 1540í agus is beag rian a d’fhág sé ann.
Is éard a bhí i samhail Serlio d’éadan eaglaise leagan eagraithe clasaiceach den bhealach nua a bhí ann chun éadan a chur ar eaglais a raibh corp ard aige agus boghta air, agus taobhranna ísle aige. B’ionann seo agus éadan clasaiceach a chur ar fhoirm Ghotach, mar a rinne Alberti le Santa Maria Novella i bhFlórans (c. 1458). Smaoineamh é a bhí á phlé go forleathan sna 1530s agus é le haithint ar chló roinnt eaglaisí, ach d’fhág greanadh adhmaid Serlio i lámh gach ailtire é.
Mar innealtóir sibhialta dhearadh sé daingin.
Ba iad foilseacháin Serlio a tharraing aird François I na Fraince air. Iarradh air teacht chun na Fraince chun comhairle a thabhairt i dtaobh thógáil agus mhaisiú Phálás Fontainebleau. Ghlac sé le roinnt coimisiún príobháideach, cé nach maireann díobh i bhfoirm inaitheanta ach an Château d'Ancy-le-Franc, a tógadh i 1546 in aice le Tonnerre sa Bhurgúin.
Fuair Serlio bás timpeall 1554 in Fontainebleau tar éis dó blianta deireanacha a shaoil a chaitheamh in Lyon.
Ba é tráchtas praiticiúil Serlio ar an ailtireacht is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine. Cé gur scríobh Leon Battista Alberti an chéad tráchtas fada ar an ailtireacht san Athbheochan (c. 1450, foilsithe i 1486),[1] bhí sé i Laidin agus gan léaráidí. Scríobhadh é le hintinn daonnachtaithe léannta agus pátrúin a mhealladh chomh maith le hailtirí agus tógálaithe. Is amhlaidh gurbh é Serlio an chéad duine a bhain tairbhe as léaráidí maithe chun an téacs a shoiléiriú. Scríobh sé in Iodáilis agus d’fhoilsigh sé cuid leabhar le téacsanna comhthreomhara in Iodáilis agus i bhFraincis. Bhí a thráchtas le léamh ag ailtirí, ag tógálaithe agus ag ceardaithe.
I réamhrá Leabhar IV deir Serlio gur cheart na rudaí fiúntacha atá ann a chur i leith Baldazzare Peruzzi.
Bhí Peruzzi chun tosaigh i mionstaidéar ar iarsmaí clasaiceacha, agus d’fhág sé a chuid dearaí ag Serlio. Ní fios, áfach, cén tionchar a bhí ag Peruzzi ar an saothar.[3]
4 | 1537 An Veinéis | delle maniere de’ cinque ordini (“faoi na cúige chineál foirgneamh”) | ||||||||
3 | 1540 An Veinéis | gl’edificii Antichi di Roma, e molti d’Italia (“foirgnimh ársa na Róimhe agus mórán eile san Iodáil”) | ||||||||
1 | 2 | 1545 Páras | d’Architettura/di prospettiva (“faoin ailtireacht”/”faoin bpeirspictíocht”) | |||||||
5 | 1547 Páras | di diverse formi di Tempii sacri (“faoi chineálacha éagsúla teampall naofa”) | ||||||||
X | 1551 Lyon | cinquante porte (“caoga doras”)[4] | ||||||||
7 | 1575 Frankfurt | molti nobili edificii, tanto publici, come privati; e varie accidenti, che possono occorrere nello edificere (“mórán foirgneamh galánta idir phoiblí agus phríobháideach; agus fadhbanna a d’fhéadfadh titim amach i rith tógála”) | ||||||||
6 | 1966 Milano | Áitribh (foilseachán iarbháis; macasamhail lámhscríbhinne) | ||||||||
Y | 1994 Milano | Faoi chuntas Phoilibias ar Leagan Amach Campa | ||||||||
Seo ord foilsithe na leabhar le hais ord uimhreach Serlio.[5] |
Faoi 1537, nuair a foilsíodh an chéad leabhar, bhí Serlio ag obair ar an tráchtas le deich mbliana ar a laghad agus bhí seacht leabhar déanta de aige. Níor foilsíodh i rith a shaoil ach na chéad chúig leabhar. D’fhan an séú ceann ina lámhscríbhinn go dtí an fichiú haois.[6] Scríobh sé dhá leabhar eile ar féidir iad a lua mar aguisíní: Leabhar na nDoirse, an leabhar deireanach a chuir sé i gcló, agus Faoi chuntas Phoilibias ar Leagan Amach Campa, cur síos ar leagan amach campaí Rómhánacha nach cinnte ar críochnaíodh é ná cén bhaint atá aige leis na leabhair eile.
Ní fios cén teideal ba mhian le Serlio a thabhairt don saothar - D’Architettura (“faoin Ailtireacht”), b’fhéidir, cé gur ghearr gur tugadh don chéad leabhar é.[7] Thugtaí na Cúig nó na Seacht Leabhar Ailtireachta ar bhailiúcháin dhifriúla, de réir an ábhair. Tugtar an teideal Tutte l'opere d'architettura et prospetiva do roinnt eagrán tábhachtach, cé nár foilsíodh na naoi leabhar (nó fiú na seacht leabhar) mar eagrán amháin nó gur tháinig aistriúchán Béarla dhá imleabhar amach idir 1996 agus 2001 [8]
De réir uimhreacha, gluaiseann na leabhair ar aghaidh ó ábhar ginearálta go dtí sainábhar. 1: An bharrshamhail Eoiclidéach le sainmhínithe céimseatan na bpointí, na línte agus na bplánaí foirfe. 2: Bunfhoirmeacha tríthoiseacha an nádúir de réir theoiric na peirspictíochta. 3: Foirm fhoirfe na hailtireachta de réir an Phaintéoin agus fhoirgnimh “idéalaithe” an tseansaoil. 4: Rialacha na nOrd ón stíl Thuscánach go dtí na comhoird, mar atá siad le feiceáil i bhfothracha agus i dtéacs Vitruvius, agus fónamh uilíoch na nOrd chun doirse, tinteáin agus éadain pháláis a dhéanamh. 5: Úsáid na nOrd i dteampaill a chum Serlio féin. 6: Úsáid na nOrd i ndearadh tithe (de réir oird ó bhothán go pálás). 7: Fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ag ailtire.[9] I ndeireadh an dara leabhar, "Di Prospettiva", tá trí radharc amharclannacha (coiméideach, tragóideach, aorach), in éineacht le plean stáitse agus trasghearradh a raibh tionchar mór acu ar amharclannaíocht na hAthbheochana.
Ó thaobh na haeistéitice de, tá Serio ar na chéad daoine a bhain feidhm as an abairt “belli arte” (“mínealaíona”).[10]
Chuaigh saothar Serlio go mór i bhfeidhm ar dhaoine sa Fhrainc, san Ísiltír agus i Sasana agus é ag cur stíl na hAthbheochana Iodálaí in iúl, agus ba ghearr go raibh sé ar fáil ina lán teangacha. Sholáthair a chuid pleananna d’fhoirgnimh Rómhánacha íomhánna úsáideacha a chuirtí i gcló go minic.
I gceann cúig bliana rinne an scoláire Pléimeannach Pieter Coecke van Aelst leaganacha neamhúdaraithe de Leabhar IV i bPléimeannais, i nGearmáinis agus i bhFraincis in Antuairp; ba dhóigh le Serlio nach raibh iontu ach leaganacha suaracha falsa, ach leathnaigh siad tionchar a shaothair.[11] Chuir dalta Coecke van Aelst, an t-ailtire agus innealtóir Ollannach Hans Vredeman de Vries, maisiú Serlio in iúl lastuaidh de na hAlpa. Bunaíodh aistriúchán Béarla Leabhair I-V a d’fhoilsigh Robert Peake I Londain i 1611 ar leagan Ollainnise a foilsíodh in Amstardam I 1606 agus é bunaithe, mórán, ar aistriúchán Coecke van Aelst. Cé nach raibh san aistriúchán Béarla ach leagan de leaganacha eile ba é an t-eagrán Béarla ba chuimsithí de Serlio é ar feadh beagnach ceithre chéad bliain. Sheas sé in aghaidh ghreanadóireachtaí Ghothaíochas Antuairp, na rudaí ba mhó a spreag ailtireacht Sheaicibíteach.[12]
D’fhoilsigh Juan de Ayala Leabhair III & IV i Spáinnis i 1552 in Toledo leis na bunléaráidí.