Is é is samhail ann ná ráiteas a chuireann rud amháin i gcosúlacht le rud eile ar fad, mar shampla ‘Bhí an oíche chomh dubh le gual.’
Cuid mhór de na samhlacha a úsáidimid, tá siad sa Ghaeilge le fada an lá. Is seannathanna nó clichés iad.[1]
Samplaí : chomh mall le seilide, chomh saibhir le diúc, chomh sásta le cat a mbeadh póca air, chomh hannamh le sneachta sa samhradh, chomh marbh le cloch, chomh bocht le bairneach, chomh dána le muc, chomh falsa/leisciúil le hasal, chomh sean leis an gceo, chomh hard le binn an tí.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |