Beathaisnéis | |
---|---|
Siocair bháis | Plá |
Ardrí na hÉireann | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Páiste | Congal Cláiringnech, Bresal Bó-Díbad, Rossa Ruad |
Ba Ard-Rí na hÉireann é Rudhraí Mac Sithric (Sean-Ghaeilge Rudraige mac Sithrigi). Tháinig sé i réim tar éis dó a réamhtheachtaí, Crimthann Coscrach, a mharú. Bhí sé i gceannas ar feadh tríocha nó seachtó bliana, nuair a fuair sé bás den phlá ag Airgetglenn. Ba é Finnat Már mac Nia Segamain a chomharba.
Is sinsear é de Chlanna Rudhraí.
Bhí baint ar leith ag Rudhraí le tuaisceart na tíre. Téann ginealach na nUladh siar chuige féin. Insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann gurbh é seanathair laoch na nUladh, Conall Cearnach. Tugtar na daoine seo a leanas mar shliocht sa leabhar Stem of the Irish Nation le John O'Hart:[1]
De réir roinnt traidisiúnta na gClann Rudhraí, tá uaigh Rudhraí le fáil i gCuan Dhún Droma,[2] Contae an Dún. Faightear ann freisin an Tonn Rudhraí, ar cheann de "Trí Thonn na hÉireann" atá luaite i nAnnála na gCeithre Máistrí, agus a bhfuil ainmnithe as, meastar.[3]
I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim
Réamhtheachtaí Crimthann Coscrach |
Ard-Rí na hÉireann LGE 2a–1d haois RC FFE 184–154 RC ACM 289–219 RC |
Comharba Finnat Már |