![]() (2015) ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Bealtaine 1958 65 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An tAindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ![]() |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta agus litríocht do pháistí |
Gairm | scríbhneoir scripte, léachtóir, scríbhneoir litríocht pháistí, drámadóir, scríbhneoir, úrscéalaí, múinteoir ![]() |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Belinda Mary Alden Moller ![]() |
Páiste | Rory Doyle, Jack Doyle, Kate Doyle ![]() |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Scríbhneoir is drámadóir Éireannach is ea Roddy Doyle (Ruaidhrí Ó Dúill) a rugadh i gCill Bharróg, Baile Átha Cliath, 8 Bealtaine 1958.
Tógadh i gCill Bharróg é. Bhain sé amach céim i mBéarla agus tíreolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Chaith sé tréimhse fada ag múineadh sular luigh sé isteach go lánaimseartha leis an scríbhneoireacht sa bhliain 1993.
Rinneadh scannáin de chuid dá úrscéalta. Bhain sé an Booker Prize sa bhliain 1993.
Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath lena bhean chéile Belinda agus tá triúr clainne orthu.
Eagraíocht é Fighting Words a bhunaigh Roddy Doyle agus Sean Love i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2010 chun an scríbhneoireacht chruthaitheach a spreagadh i measc páistí agus daoine óga faoi mhíbhuntáiste.[2]
Cuireann an cumann ceardlanna ar fáil anois do dhaoine ó gach cineál cúlra.
Cuireadh tús sa bhliain 2019 le Fighting Words i gConamara.
Tá leabhar leis, ‘Deireadh Seachtaine Craiceailte’ (‘Mad Weekend ’) le fáil as Gaeilge.[1]