Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1881 Meanwood, England ![]() |
Bás | 1946 64/65 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Leeds Grammar School (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht, Na Ceiltigh agus an Ghaeilge |
Gairm | file, músaemeolaí, aistritheoir ![]() |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Gradam a fuarthas |
Scoláire sa léann Ceilteach ab ea Robin Flower (nó Bláithín mar ab fhearr aithne air sa Ghaeilge) (16 Deireadh Fómhair 1881 - 16 Eanáir 1946).[1][2][3] Chaith sé cuid mhaith dá shaol ag gabháil do chultúr na mBlascaodaí, ar chósta Chontae Chiarraí, agus is eisean a spreag roinnt de na hoileánaithe a chuid cuimhní cinn a bhreacadh síos ar phár.
In 1881 i Meanwood, Yorkshire, a rugadh Flower; in Ollscoil Oxford a cuireadh oideachas air.
Nuair a bhí sé fostaithe i Músaem na Breataine bhí baint aige le catalógú lámhscríbhinní Gaeilge. Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge nuair a bhí sé ag obair i roinn na lámhscríbhinní.[5][3]
D'fhoghlaim Flower an teanga labhartha ó Thomás Ó Criomhthain ar an mBlascaod Mór ina dhiaidh sin. Blianta ina dhiaidh sin arís, d'aistrigh sé dírbheathaisnéis Uí Chriomhthain go Béarla. Thiontaigh Flower An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain go Béarla, faoin teideal The Islandman (1929)[6], mar aon le Seanchas ón Oileáin Tiar (saothar a scríobh sé féin) faoin teideal Lore of the Western Isle (1956).
Chuir Flower roinnt scéalta le Peig Sayers á bhfoilsiú ar an iris Béaloideas. Saothair eile a tháinig óna pheann is ea The Great Blasket {1924} agus The Western Island or the Great Blasket (1945).
Tá cáil ar Robin Flower faoina shaothair eile léinn chomh maith, an Réamhrá a scríobh sé do na Dánta Grádha (1926) a chuir Tomás Ó Rathile in eagar i 1926 agus a leabhar féin The Irish Tradition (1947) - a foilsíodh bliain tar éis a bháis - ina measc.[5]
Mí-shásta i Aberystwyth, d'éag Bláithín ar 16 Eanáir 1946, agus 65 bliain d'aois slánaithe aide. Scaipeadh a chuid luaithrigh ar na Blascaoidí.[7]
Sa bhliain 2022, bhí cuid de chartlan Robin Flower bronnta ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Cuimsíonn an chartlann nótaí taighde Robin Flower, aistriúcháin Bhéarla a rinne sé ar dhánta Meán-Ghaeilge agus cáipéisí éagsúla eile.[5]