Is banna ceoil é Rage Against the Machine a bunaíodh sa bhliain 1991 i Los Angeles, California, SAM. Is iad Zach De La Rocha (amhránaí), Tom Morello (giotár), Tim Comerford (dordghiotár) agus Brad Wilk (drumaí) na ceoltóirí atá sa bhanna. Meascann siad ceol hip hap, miotal trom agus func le chéile chun stíl shainiúil a dhéanamh. Iompraíonn a liricí teachtaireacht réabhlóideach pholaitiúil.
Is é an t-albam féin-teidealach an chéad album ó RATM. Scaoileadh é ar an tríú lá de Mhí na Samhna, 1992. Shroich sé platanam triarach agus eisíodh ceithre shingil as ("Killing in the Name", "Bombtrack", "Bullet in the Head" agus "Freedom").
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.