Port-au-Prince | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Háítí | ||||
Department of Haiti (en) | Ouest (en) | ||||
Arrondissement of Haiti (en) | Arrondissement Port-au-Prince | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 987,310 (2015) | ||||
• Dlús | 27,394.84 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 36,040,000 m² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Gulf of Gonâve (en) | ||||
Airde | 98 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1749 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | HT6110 |
Is é Port-au-Prince (fuaimnithe /ˌpɔrtoʊˈprɪns/; i bhFraincis: [pɔʁopʁɛs]; i gCriól Háítíoch: Pòtoprens) príomhchathair Háítí agus an chathair is mó sa stát Cairibeach Háítí. Thug an daonáireamh sa bhliain 2003 le fios go raibh daonra oifigiúil de 704,776 ag an chomún.[1]
Tá an chathair Port-au-Prince ós comhair Mhurascaill na Gonâve. Coinnigh an cuan ar a luíonn an chathair, a fheidhmíonn mar cuan nádúrtha, gníomhaíocht eacnamaíoch ón seansibhialtacht Arahuaco. Ar dtús, bhí an chathair ionchorpraithe faoi riail choilíneach na Fraince sa bhliain 1749, agus is í an chathair is mó i Háítí ó shin. Tá leagan amach na cathrach cosúil le hamfaitéatar; na ceantair tráchtála in aice leis an uisce, agus na comharsanachtaí cónaithe lonnaithe ar na cnoic os a gcionn. Tá sé deacair daonra na háite a mheas mar gheall ar an bhfás tapa a slumaí sna hárda os comhair na cathrach; tugann na meastacháin is déanaí le fios go bhfuil an daonra idir 2.5 agus 3 mhilliún duine.
Rinne an crithtalún a tharla ar an 12 Eanáir 2010 díobháil mhór don chathair, le líon mór damáiste nó scrios déanta ar na struchtúir. Measann oifigigh an rialtais go bhfuil na céadta mílte marbh.