![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1935 |
Bás | 2022 86/87 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir ![]() |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Suíomh gréasáin | paulinebewick.ie ![]() |
Ealaíontóir ba ea Pauline Bewick (4 Meán Fómhair 1935 i Northumberland – 28 Iúil 2022 i gCo Chiarraí).[1][2][3][4][5][6] Thug pobal leathan daoine i gcéin is i gcóngar taitneamh dá saothar ildaite álainn.[7]
Chuir Bewickspéis ar leith i léaráidí agus íomhánna de mhná agus gnéithe den nádúr, bláthanna, éanlaith agus ainmhithe.
Bhí rian láidir an dúlra ar go leor de na saothair a thagann ó stiúideo Bhewick. Chuir sí spéis mhór i scéalta miotaseolaíochta na hÉireann agus tharraing íomhánna dá réir.
Cé gur saolaíodh i Sasana í, is in Éirinn a chaith Bewick formhór a saoil, nuair a thug a máthair anall í agus í an-óg. Spreag múinteoir í tabhairt fé phictiúirí a tharrac agus a dhathú, mar gur measadh go raibh sí disléicseach.[7]
Bhí tréimhse taistil ag Pauline agus í ag fás aníos - bhog sí féin agus a máthair ó Chiarraí go Tír Chonaill go Baile Átha Cliath agus go háiteanna eile i Sasana. Agus í fásta suas, thaistil sí chuig an Iodáil agus an Ghréig, agus chaith sí dhá bhliain ar na hoileáin sa Mhuir Theas: Tahiti, Aitutaki agus a leithéid.
I nGleann Chárthaigh i gCiarraí láir a lonnaigh sí formhór a saoil.
Buail ailse í agus d'éag 28 Iúil 2022. D’fhág sí mórchuid dá saothar le huacht ag muintir na hÉireann. D’fhág sí mórchuid dá saothar le huacht ag muintir na hÉireann.