Infotaula de personaPaul Muldoon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Meitheamh 1951
72 bliana d'aois
Port an Dúnáin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilProcessing of English text with a view to automatic speech synthesis (1986 Cuir in eagar ar Wikidata)
Gníomhaíocht
Gairmfile, múinteoir ollscoile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Princeton
Ollscoil East Anglia
Oilthigh Chill Rímhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileJean Hanff Korelitz Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinpaulmuldoonpoetry.com Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 86f5b7d6-4396-4760-a6a5-a997003d544c Songkick: 5984274 Cuir in eagar ar Wikidata

File Éireannach is ea Paul Muldoon (a rugadh i bPort an Dúnáin i gContae Ard Mhacha, ar 20 Meitheamh 1951).[1] Is mar fhear litríochta ba mhaith leis an bhfile go smaoineofaí air agus bíodh is go bhfuil an cháil ar chuid dá shaothar go bhfuil sí casta, tá bua iontach simplí éifeachtach aige focail, ceol agus mothúcháin a chur le chéile chun scéal a insint, nó amhrán a rá.[2]

Saol

Trí Ghaeilge a thosaigh Muldoon ag cumadh na filíochta agus é ina ghasúr i bPort an Dúnáin.[2]

D’oibrigh Muldoon mar stiúrthóir don BBC i mBéal Feirste i rith na tréimhse ba mheasa de na Trioblóidí (1973–86), Le linn an ama seo, d'fhoilsigh sé Why Brownlee Left (1980) agus Quoof (1983).

Sa bhliain 1990, thosaigh sé ag obair mar léachtóir i Roinn an Bhéarla, Ollscoil Princeton, i Nua-Jersey sna Stáit Aontaithe. D'éirigh sé ina ollamh in 1995.

Sa bhliain 2007, cheap an iris New Yorker Muldoon mar eagarthóir filíochta.

Tá sé pósta le Jean Hanff Korelitz, úrscéalaí. Tá siad ina gcónaí i gCathair Nua-Eabhrac agus tá beirt chlainne orthu.

Durham Book Festival, 2013

Gaeilge

Tá sé soiléir ón scannán faisnéise faoina shaol, Paul Muldoon: Laoithe is Liricí, go bhfuil Gaeilge líofa aige agus go bhfuil an teanga neadaithe i gcroílár a fhéiniúlacht mar fhile, ina liricí agus sa tsamhlaíocht atá aige.

Deir Muldoon linn le bród gur as Gaeilge a thosaigh sé ag scríobh. Cé gur i mBéarla a bhain sé clú amach mar fhile is ar an nGaeilge atá sé ag iompú arís le tamall agus é ar thóir na hinspioráide.[2]

Paul Muldoon, 2018

Saothair

Filíocht

Saothair eile


Sa bhliain 2022, roghnaíodh scannán faoi, Laoithe is Liricí le bailchríoch a chur le Féile Scannán Éireannach Londan 2022.

Duaiseanna

Is iomaí onóir atá bronnta airː

Naisc sheachtracha

Féach freisin

Tagairtí

  1. "Princeton - Weekly Bulletin 04/14/03 - Paul Muldoon honored with Pulitzer Prize for poetry". pr.princeton.edu. Dáta rochtana: 2022-12-09.
  2. 2.0 2.1 2.2 Pádraig Ó Loingsigh (7 Nollaig 2022). "Tá scannán nua faoin bhfile Paul Muldoon lán le daoine cáiliúla ach sí an Ghaeilge an phríomhréalta ann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-09.