Sampla de | cluiche boird |
---|---|
Cruthaitheoir | Elizabeth Magie agus Charles Darrow |
Foilsitheoir | Hasbro |
Déantóir | Parker Brothers agus Hasbro |
Dáta a cruthaíodh | 1935 |
Bunús | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Bunaithe ar | The Landlord's Game (en) |
Íoslíon imreoirí | 2 |
Líon uasta na n-imreoirí | 8 |
Seánra | roll-and-move game (en) |
Córas cluiche | resource management (en) agus bidding (en) |
Tuilleadh eolais | |
BoardGameGeek | 1406 |
Suíomh gréasáin oifigiúil | shop.hasbro.com… |
Is cluiche cláir nó cluiche boird é Monopoly.
Dhear Elizabeth Magie[1] The Landlord's Game sa bhliain 1904. Ní raibh cloigeann gnó uirthi áfach agus ní raibh rath ar a chuid iarrachtaí an chluiche a dhíol.[2]
Sna 1930idí, rinne Charles Darrow, fear díolacháin dífhostaithe agus caimiléir faille, dearadh nua den Landlord's Game.[3] Athruithe cosmaideacha a bhí ann i ndáiríre; rinne Darrow aithris iomlán ar shaothar Magie, den rialacha. Sa bhliain 1933, thug Darrow ainm nua ar an gcluiche, Monopoly, agus fuair sé cóipcheart. Cheannaigh Parker Brothers na cearta uaidh ar 18 Márta 1935. Cúpla mí níos déanaí, d'íoc Parker Brothers ̰$500 do Elizabeth Magie,[4] ar eagla go dtabharfadh sé cás ag líomhain sárú paitinne.[5]
Foilsíodh eagráin éagsúla de "Monopoly" in Éirinn thar na blianta.[6]
# | Bruachbhaile | Béarla | Dath | Bruachbhaile Londain |
---|---|---|---|---|
1 | Cromghlinn | Crumlin | donn | Old Kent Road |
3 | Camaigh Uisce | Kimmage | donn | Whitechapel Road |
6 | Sráid Ráth Garbh | Rathgar Road | gorm | The Angel Islington |
8 | An Cuarbhóthar Theas | South Circular Road | gorm | Euston Raod |
9 | Sráid Ráth Maonais | Rathmines Road | gorm | Pentonville Road |
11 | Sráid Dhásain | Dawson Street | bándearg | Pall Mall |
13 | Sráid Chill Dara | Kildare Street | bándearg | Whitehall |
14 | Sráid Thobar Phádraig | Nassau Street | bándearg | Northumberland Road |
16 | Sráid an Phiarsaigh | Pearse Street | Oráiste | Bow Street |
18 | Sráid an Dáma | Dame Street | Oráiste | Marlborough Road |
19 | Sráid Westmoreland | Westmoreland Street | Oráiste | Vine Street |
21 | Sráid na Mainistreach | Abbey Street | dearg | Strand |
23 | Sráid Chéipil | Capel Street | dearg | Fleet Street |
24 | Sráid Anraí | Henry Street | dearg | Trafalgar Square |
26 | Sráid Thalbóid | Talbot Street | buí | Leicester Square |
27 | Sráid an Iarla Thuaidh | North Earl Street | buí | Coventry Street |
29 | Sráid Uí Chonaill | O’Connell Street | buí | Piccadilly |
31 | Sráid Sheoirse | George’s Street | glas | Regent Street |
32 | Sráid Chill Mhantáin | Wicklow Street | glas | Oxford Street |
34 | Sráid Grafton | Grafton Street | glas | Bond Street |
37 | Bóthar Aelsbaire | Ailesbury Road | corcra | Park Lane |
39 | Bóthar Shrewsbury | Shrewsbury Road | corcra | Mayfair |