Middelburg | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ríocht na hÍsiltíre | ||||
Country of the Kingdom of the Netherlands (en) | an Ísiltír | ||||
Province of the Netherlands (en) | An tSéalainn | ||||
Bardasacht san Ísiltír | Middelburg | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 49,956 (2023) | ||||
• Dlús | 941.68 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 53.05 km² | ||||
• Uisce | 8.48 % | ||||
Airde | 3 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1217 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Harald Bergmann (en) (2012–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 4330–4338 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 0118 | ||||
BAG residence ID (en) | 1007 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | middelburg.nl |
Is í Middelburg príomhchathair na cúige Zeeland san Ísiltír. Tá sí suite i gceartlár an iar-oileáin Walcheren (ciallaíonn an logainm 'Middelburg' 'Caisleán an Láir'.) Le daonra de 40,600 duine, tá an chathair ar an gceann is lú de phríomhchathracha chúigí na tíre. Sa 16ú hAois, áfach, bhí Middelburg chomh tábhachtach le hAmsterdam. Tá a rian sin ar lár stairiúil na cathrach, a mheallann na céadta míle turasóir in aghaidh na bliana. Tá cáil ar leith ar choimpléasc na mainistreach lena túr ard 'Lange Jan' ('Seán Ard'.) Tá iarsmalann chúige Zeeland suite sa choimpléasc seo.
Rinne aerfhórsa na Gearmáine aerbhuamáil ar Middelburg ar an 17 Bealtaine 1940. Fuair 22 duine bás sa ghníomh cogaidh seo agus scriosadh os cionn 600 foirgneamh ársa, túr cáiliúil an 'Lange Jan' ina measc. Thosaigh muintir na cathrach ar an atógáil le linn an chogaidh féin.
Sa lá atá inniu ann, tá Middelburg ag brath go mór ar an turasóireacht. Tagann an cheathrú chuid de theacht isteach shiopaí na cathrach ó thurasóirí. Tarraingíonn go leor de mhuintir na Gearmáine ar an gcathair agus i rith an tsamhraidh is beag nach mó Gearmáinise a chloistear á labhairt ar shráideanna na cathrach ná Ísiltíris.