Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1961 62/63 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste an Spioraid Naoimh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Teangacha | An Ghaeilge |
Scríbhneoir Corcaíoch is ea Louis de Paor, a saolaíodh sa bhliain 1961.
Bhí Louis ar an duine ba shine de naonúr daoine clainne (iad uile ina mbuachaillí). Fiaclóirí ba ea a thuismitheoirí. Chuaigh Louis ar bhunscoil i mBaile an Easpaig agus ar Choláiste an Spioraid Naoimh idir na blianta 1973 agus 1978. Thaitin an scoil leis:
Thug sé a aghaidh ansin ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Ghnóthaigh sé bunchéim sa Ghaeilge agus sa Léann Dúchais sa bhliain 1981 agus dochtúireacht sa bhliain 1986 ar ghearrscéalaíocht Mháirtín Uí Chadhain.
Fuair sé spreagadh ó Ghearóid Ó Crualaoich agus ó Sheán Ó Tuama.
Chuaigh Seán Ó Ríordáin i gcion go mór air, agus spreag Michael Davitt chun scríbhneoireachta é freisin.[1]
Ó 1984 go 1988 bhí an Paorach mar eagarthóir cúnta ar Innti go ndearnadh eagarthóir na hirise sin de, cúram a bhí air go dtí an bhliain 1990. Bhí sé ina chónaí i mBaile an Easpaig agus i gcathracha eile in Éirinn go dtí go ndeachaigh sé féin agus Shirley, a bhean chéile, chun Melbourne san Astráil sa bhliain 1987. Chaith sé tamall mar Léachtóir Cuarda i Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Sydney, agus mar láithreoir agus léiritheoir ar chlár raidió Gaeilge i Melbourne. Lean sé air ag cumadh filíochta agus bhronn Comhairle Ealaíon na hAstráile sparánachtaí air sna blianta 1990, 1991 agus 1995.
D'fhill sé féin agus a mhuirín ar Éirinn sa bhliain 1996 agus chuir siad fúthu in Uachtar Ard i gContae na Gaillimhe. Ghlac sé post mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Sa bhliain 2012 thug sé féin agus an scannánaí Paula Kehoe cuairt ar an Astráil chun scannán faisnéise a dhéanamh do TG4 faoin gcaidreamh stairiúil idir Éireannaigh agus Bundúchasaigh.
Dánta soiléire díreacha a chumadh de Paor ar dtús. De réir a chéile d'éirigh siad níos dorcha agus níos casta, athrú a bhí le haithint ar a shaothar ón uair a d'fhág sé an Astráil. Mar sin féin, tá de Paor ina fhile "poiblí" i gcónaí sa mhéid gur minic é ag léamh a chuid filíochta os comhair an phobail.
Ghnóthaigh a chéad chnuasach dánta, Próca solais is luatha (Coiscéim, 1988), Duais an Ríordánaigh san Oireachtas agus tá an duais sin bainte aige trí huaire eile ó shin le cnuasaigh eile, mar shampla 30 dán (Coiscéim, 1992). Sa bhliain 2000 bronnadh Duais Lawrence O'Shaughnessy, gradam mór Meiriceánach, air.