Cineál | Barúntacht | ||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Limistéar riaracháin | Contae an Dúin, Northern Ireland | ||||
| |||||
Is leithinis suite in oirthear gChontae an Dúin, Tuaisceart Éireann, é Leath Cathail. Bhíodh go leor ranna stairiúla éagsúla ann.
Tá an leithinis teoranta ag Riasc an Chaoil (anois taosctha, ach leathan tráth), Abhainn Bheara, Muir Éireann agus Loch Cuan. Faightear í in áit go saoithiúil iargúlta, sáinnithe beagnach óna chúlchríoch, ach d'fhéadfaí ionradh a dhéanamh uirthi ón oirthear agus ón deisceart.[1]
In amanna ársa, ainm an tuaithe Ghaelaí, Leath Cathail, ba ea é. Faoin ainm Ladcathel, iar-chontae Iarlacht Uladh a bhí ann. Níos déanaí, barúntacht Lecale a bhí ann, a scaradh faoin mbliain 1851 in Lecale Lower (Leath Cathail Íochtarach) agus Lecale Upper (Leath Cathail Uachtarach).[2]
Fo-ríocht de ríocht ársa na nUlad ba ea Leath Cathail. Ainmníodh é as Cathal, prionsa Ulad timpeall na bliana 700 AD, agus de shliocht Fhiachna mhic Deaman rí Ulad.[4][5][6]
Níos luaite, ghlaoití Maigh Inis ar Leath Cathail.[4][5] Sular tógadh na chéad bhacainní mara agus sruthchórais timpeall 200 bliain ó shin, bhíodh an leithinis timpeallaithe beagnach go hiomlán ag Cuan Dhún Droma, Loch Cuan agus Muir Éireann.[5]
De réir Annála na gCeithre Máistrí, ar lá fhéile Pheadair is Phóil (29ú Meitheamh), 1147, chuaigh na hUlaid i mbun chogaidh in éadan Chineál Eoghain, a chuaigh sa tóir orthu go bruach Chuan Dhún Droma.[7] Cloíodh go holc na hUlaid, agus maraíodh Archu Ua Flathraoi, "tiarna Leath-Chathail". Chreach an Cineál Eoghain buacach Leath Cathail agus thóg leo giallaigh Ulad.[7] Faoin 12ú haois, deirtear gur ríthe Leath Cathail iad Cineál Aonghasa, agus Uí Flathraoi ina dtiarnaí ann.[4]
Tháinig Naomh Pádraig i dtír ag inbhear na Sláine ar fhilleadh dó ar ais go hÉirinn. Tá dealbh mhór eibhir ann inniu ag Ráth Cholpa. D'éag sé i Mainistir Shabhaill, áit thús a mission agus was administered his dying communion by Easpag Tassach de Ráth Cholpa. Aistríodh a chorp go Dún Pádraig, ar a glaodh ansin Dún Dhá Leath Glaise, suite i Leath Cathail Uachtarach.
Sa bhliain 835, tógadh taisí Naoimh Bhríde go Dún Pádraig um iad a chosaint ó fhoghlaithe Lochlannacha.
Sa bhliain 877, tógadh corp Naomh Cholm Cille anseo ó Oileán Í.[8] Cuireadh faoi i ngarraí é de bharr dhó rialta na mainistreach féin. Rinneadh dearmad ar an suíomh go dtí an bhliain 1185.[9] Árna ath-aimsiú, bhí sé adhlactha ag John de Courcy laistigh den mhainistir, ag cairdinéal Vivian ar an 9ú Meitheamh 1186.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |