Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Eanáir 1572 ↔ 19 Meitheamh 1572 Londain, England |
Bás | 31 Márta 1631 58/59 bliana d'aois Londain, England |
Siocair bháis | Ailse ghoile |
Áit adhlactha | Ardeaglais Naomh Pól |
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana | |
Téarma parlaiminte: Addled Parliament (en) | |
Member of the 1601 Parliament (en) | |
Toghcheantar: Brackley | |
Member of the 1614 Parliament (en) | |
Toghcheantar: Taunton | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Anglacánachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Cambridge |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ficsean |
Gairm | file, scríbhneoir, tréadaí, ministir, polaiteoir, dlíodóir, cumadóir amhrán, aistritheoir, saineolaí dlí |
Seánra | Metaphysical poets (en) |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Anne More |
Páiste | George Donne, Constance Donne, Margaret Donne, Bridget Donne, John Donne, Elizabeth Donne |
Athair | John Donne agus Elizabeth Heywood |
Duine muinteartha | Jasper Heywood (uncail) |
B'fhile meitifisiciúil Sasanach é John Donne nó Dunne (1572 – 31 Márta, 1631) le linn réimeas Rí Séamus I Shasana. Bhí sé ina dhlíodóir agus ina eaglaiseach chomh maith.
Mac le teaghlach Caitliceach séantach ab ea. D'fhreastail sé ar Ollscoil Oxford agus Ollscoil Cambridge freisin. Ach ní raibh sé in ann céim a fháil mar gheall ar a chreideamh ag an am.[1] D'éirigh sé as ina dhiaidh sin, chun teacht isteach in Eaglais Shasana agus bhí ina phoileimiceoir frith-Chaitliceach iomráiteach.
Rinne sé staidéar ar an dlí ag Thavie's Inn, ósta de chuid na seansaireachta. Ligeadh isteach i Lincoln's Inn é sa bhliain 1592, cé nár glaodh chun an Bharra é riamh. Ag an am céanna, bhí Dunne ag dlíodóireacht ar bhealach éigin ar feadh an chuid is mó dá shaol fásta; deireadh a phoist sa rítheaghlach tar éis dó pósadh go neamhfhianaithe ba chúis leis seo den chuid is mó.[1]
Ar iarratas Rí Séamas, oirníodh ina ministir in Eaglais Shasana é sa bhliain 1615. Toisc go raibh oiliúint agus taithí sa dlí aige, iarradh air go minic a bheith ina bhreitheamh eaglasta.[1]
Nuair a ceapadh mar Dhéan Ardeaglais Naomh Pól é sa bhliain 1631, bhain sé sláine airgeadais amach, go deireadh a shaoil. Mar sin féin, bhí scamall bróin ar na blianta a bhí fágtha dó mar gheall ar mhéala agus ar thinneas. Mhéadaigh múnla an chreidimh a bhí ar a chuid scríbhinní, nach raibh gaol aige leis an spraíúlacht agus an sceipteachas a bhaineann le cuid mhór den saothar a rinne sé níos luaithe.[1]
File meitifisiciúil a raibh domhan na gcéadfaí á chíoradh agus á cheiliúradh aige go rí-mhinic ba ea Donne.
‘Ní oileán duine ar bith,’ nó ''Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.’' a scríobh John Donne, i gceann dá chuid dánta is cáiliúla.[2][3]