Rugadh Biden in Scranton, Pennsylvania. Bhog seisean agus a theaghlach go Delaware sa bhliain 1953 agus é 10 mbliana d'aois. Is de shliocht Éireannach é ar thaobh a mháthar (a rugadh de mhuintir Uí Fhinneagáin) agus de shliocht Éireannach, Sasanach agus Úgónach ar thaobh a athar. Caitlicigh iad na Bidens.
Rinne sé staidéar ag Ollscoil Delaware (B.A. i stair agus eolaíocht pholaitiúil, 1965) agus ina dhiaidh sin bhain sé céim dlí (Juris Doctor) amach ó Ollscoil Syracuse i Stát Nua-Eabhrac sa bhliain 1968.[1]. Tá stad ina chuid cainte a bhfuil a rian air inniu féin.
Ba chineál nós le Biden ariamh a bheith místuama leis an bhfoclaíocht. Cinnte níor fhág sin nach fear an-mheabhrach a bheadh ann.[2]
Táinsíodh Teach na nIonadaithe an 45ú uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump don dara huair ar 13 Eanáir, 2021, seachtain amháin sular tháinig deireadh lena théarma agus insealbhú Joe Biden mar uachtarán ar an 20 Eanáir.
Ba ar Biden a bhí an tóir san Earrach agus pleananna eacnamaíochta agus infreastruchtúir a bhfuil na céadta billiún dollar luaite leo á bhfógairt aige.[4]
Geilleagar
D’éirigh le Biden mar uachtarán na billiúin a fháil chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim Covid-19 agus chun feabhas a chur ar infreastruchtúr na tíre.[5]
Le linn 2023, bhí an ráta dífhostaíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag an leibhéal is ísle ó 1969 ach bhí an ráta boilscithe níos airde ná mar a bhí aon uair le 40 bliain.[5]
Gnóthaí eachtracha
D’imigh cuid den loinnir dá uachtaránacht i mí Lúnasa 2021 nuair a rinne an Talaban athghabháil ar Chabúl agus ar an gcuid eile den Afganastáin tar éis d’fhórsaí armtha SAM tarraingt siar as an tír sin tar éis 20 bliain – rud a d’fhág an Afganastáin ina deachtóireacht reiligiúnach arís nach mór thar oíche.[4]
Ar 25 Aibreán 2023, bhí sé dearbhaithe ag Biden go mbeadh sé ina iarrthóir arís ar son an Pháirtí Dhaonlathaigh sa chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024.
80 bliain d'aois a bhí sé ag an am (agus bheadh sé 85 nuair a bheadh a théarma críochnaithe aige sa Teach Bán dá n-éireodh leis), Ní raibh ach 39% de phobal Mheiriceá sásta leis, de réir suirbhé a foilsíodh sé lá roimhe. I suirbhé eile, tugadh le fios i go raibh an aois mhór a bhí aige ar cheann de na fáthanna nach gcreideann ach duine as gach ceathrar gur cheart dó seasamh arís.[9][5]
Fear éidreoir agus fear dearmadach é Biden, de réir an chuntais a thug an t-abhcóide speisialta, Robert Hur.[2][10]
↑"A timeline of U.S. Sen. Joe Biden's life and career". San Francisco Chronicle. Associated Press. August 23, 2008. Dáta rochtana, 14 Meán Fómhair 2022