Sonraí | |
---|---|
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | coimeádachas ![]() |
Ailíniú polaitíochta | eite dheis ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 8 Samhain 2023 |
Rialachas corparáideach | |
Ardrúnaí | Richard O'Donoghue (2023–) ![]() |
Dáil Éireann | 3 / 160 |
Seanad Éireann | |
Suíomh gréasáin | independentireland.ie ![]() |
Is páirtí polaitiúil é "Independent Ireland" (nó "Éire Neamhspleách") i bPoblacht na hÉireann,[1] i bhfad amach ar an eite dheis.
Cláraíodh an páirtí i mí na Samhna 2023 tar éis dó a bheith saolaithe ag beirt Theachtaí a bhíodh sa nGrúpa Neamhspleách Tuaithe sa Dáil - Richard O'Donoghue as toghcheantar Chontae Luimnigh agus Michael Collins as Corcaigh Thiar Theas. Bunaíodh 'Independent Ireland’ a deir siad ar mhaithe leis an "lear mór daoine a bhfuil a ndóthain faighte acu de pholasaithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael, ach a bhfuil amhras fós orthu faoi Shinn Féin".
I mí Feabhra 2024, d'fhógair an Teachta Dála Neamhspleách as toghcheantar Ros Comáin-Gaillimh Michael Fitzmaurice tar éis fógairt go bhfuil sé anois leis an bpáirtí.[2]