Taidhleoir agus eolaí polaitíochta Giúdach-Meiriceánach ab ea Henry (nó Heinz) Alfred Kissinger (a rugadh ar 27 Bealtaine 1923 in Fürth na Gearmáine agus a d'éag ar 29 Samhain 2023 sa Connecticut), an taidhleoir is clúití sa 20ú haois. Faoi na huachtaráin Richard Nixon agus Gerald Ford, bhí Kissinger ina Chomhairleoir um Shlándála Náisiúnta (1969–1975) agus ina Rúnaí Stáit (1973–1977).
Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1973 in éineacht le Le Duc Tho, rud a tharraing conspóid ollmhór.
Ba mhúinteoir scoile a athair agus bean tí a mháthair. Ba de shliocht Giúdach iad. Sa bhliain 1938, d'imigh muintir Kissinger ón nGearmáin de bharr na géarleanúna a bhíothas a chur i bhfeidhm i leith na nGiúdach faoi na Naitsithe sa tír úd. In Washington Heights, i dtuaisceart Manhattan, i gCathair Nua-Eabhrac a chuir theaghlach Kissinger fúthu.
Bhí ar Henry óg dul ar fiannas in Arm na Stát Aontaithe sa bhliain 1943 agus bhain sé amach saoránacht Mheiriceánach agus é ag buntraenáil an bhliain chéanna. Aithníodh a chliste a bhí sé agus nuair a cuireadh chuig an nGearmáin é moladh a chuid scileanna teanga. Cuireadh ag obair é i rannóg bailithe faisnéise míleata agus bhí sé páirteach in obair fhrithfhaisnéise freisin. Uaireanta, mar shampla, le linn Chath an Bulge, bhí an obair contúirteach.
Nuair a d'fhill sé ar Stáit Aontaithe d'fhreastail Kissinger ar Ollscoil Harvard. Bhain sé amach céim bhaitsiléara (1950), máistreacht (1952) agus dochtúireacht (1954).
Faoi na huachtaráin Richard Nixon agus Gerald Ford, bhí Kissinger ina Chomhairleoir um Shlándála Náisiúnta (1969–1975) agus ina Rúnaí Stáit (1973–1977).
Agus é ag dul anonn sna blianta, bhí tionchar ollmhór ag Kissinger sa 21ú haois, ag cur comhairle ar lucht Bush agus Trump[1] agus ag cur sainchomhairle ar fáil don domhan i gcoitinne, Kissinger Associates.[2]
D'éag Kissinger ar 29 Samhain 2023, in aois 100 bliain dó.
![]() | Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |