Gàidhlig na h-Alba agus Gàidhlig | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 57,000 (2011) |
Dúchasach do | Dún Éideann, Glaschú, Comhairle na Gàidhealtachd agus Albain |
Stáit | an Ríocht Aontaithe, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil agus an Nua-Shéalainn |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ceilteacha Ceiltis na nOileán teangacha Gaelacha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach agus aibítir na gcrann |
Institiúid caighdeánaithe | Bòrd na Gàidhlig |
Leibhéal leochaileachta | 3 cinnte i mbaol |
Cóid | |
ISO 639-1 | gd |
ISO 639-2 | gla |
ISO 639-3 | gla |
Glottolog | scot1245 |
Ethnologue | gla |
ASCL | 1101 |
UNESCO | 411 |
IETF | gd |
Endangered languages | 3049 |
Ceann de na teangacha Gaelacha í Gaeilge na hAlban[1] nó Gàidhlig, mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Foghrúpa de chuid na dteangacha Ceilteacha is ea na teangacha Gaelacha, mar atá, Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann. Is iad na teangacha Briotánacha, mar atá, Breatnais na Breataine Bige, an Choirnis i gCorn na Breataine, agus an Bhriotáinis sa Bhriotáin, na trí theanga chomhaimseartha san fhoghrúpa seo. Taobh istigh de gach foghrúpa den bheirt, tá na teangacha sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach is deacair, fiú, an gaol atá ag an dá fhoghrúpa le chéile a aithint gan tuiscint éigin a bheith agat don teangeolaíocht Cheilteach.
Is í Gaeilge na hAlban teanga na nGael in Albain, agus cé gur i nGarbhchríocha na hAlban atá a réimeas anois den chuid is mó, bhí sí i bhfad á labhairt sa chuid is mó den tír.
Tá áit ar leith aici i gcultúr na hAlban, agus aithníonn an chuid is mó de mhuintir na hAlban é seo, idir Ghaeil agus Ghaill. Tá saibhreas beul-aithris sa Ghaeilge, óir ba í teanga chultúr na mbard sa Ghàidhealtachd ar feadh na gcéadta bliain. Chuaigh an teanga i léig nuair a tosaíodh ar ghéarleanúint a dhéanamh ar mhuintir na Gàidhealtachda agus ar a gcuid nósanna, go háirithe tar éis Chath Chùl Lodail agus Fhuadach na nGael.
Inniu féin, tá dímheas ag cuid de mhuintir na hAlban ar an teanga, agus iad den tuairim nach bhfuil ann ach canúint gharbh gan úsáid liteartha.[2] Teuchters a thuganns siad ar mhuintir na nGarbhchríoch, focal a bhfuil blas díspeagúil ciníochais air.
Ba chirte Gaeilge na nGarbhchríoch agus na nOileán a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban inniu, nó chuaigh an teanga in éag ar fad in Ísealchríocha na hAlban le fada an lá. Labhraítí Gaeilge na nÍsealchríoch i bhfad theas in Albain, sular thosaigh an Albainis ag fáil na láimhe in uachtar uirthi. Teanga is ea an Albainis — Lallans nó Braid Scots — atá gaolmhar leis an mBéarla.
Tá córas litrithe Ghaeilge na hAlban sách cosúil le litriú Ghaeilge na hÉireann. Ní cuid de litriú na bhfocal seanfhréamhaithe nó dúchasach iad na litreacha úd j, k. q, v, w, x, y, ná z. Thugtaí ainmneacha crann ar na litreacha fadó, díreach cosúil leis an dóigh a ndéantaí sa Ghaeilge, ach idir an dá linn, chuaigh na hainmneacha sin as gnáthúsáid, agus is minicí a bhíonns na hainmneacha Béarla ar na litreacha inniu, cosúil leis an nGaeilge.
Ní bhaintí úsáid ar bith as an litir H sa litriú traidisiúnta, nó chuirtí an séimhiú in iúl trí phonc a chur os cionn an chonsain shéimhithe.
Bíonn fuaim na gconsan ag brath i bpáirt ar na gutaí mórthimpeall orthu. Is iad e agus i na gutaí caola agus a, o agus u na cinn leathana, go díreach mar atá i nGaeilge na hÉireann.
Cosúil le Gaeilge na hÉireann, is féidir gach consan a fhuaimniú caol nó leathan, de réir na litreach a scríobhtar in aice leis an gconsan. Is é sin, tá an riail úd "caol le caol agus leathan le leathan" i bhfeidhm i nGaeilge na hAlban freisin — "caol ri caol agus leathann ri leathann" i nGaeilge na hAlban. Bíonn fuaimniú Ghaeilge na hAlban níos coimeádaí, áfach: mar sin, na litreacha nach bhfuil ach sleamhnóga iontu sa Ghaeilge, is minic a fhuaimnítear mar ghutaí iad i nGaeilge na hAlban.
Sa bhliain 1976, chuir Bord Oideachais na hAlban athruithe áirithe i bhfeidhm ar litriú na teanga. Baineadh de dhéine na rialach sin "caol le caol agus leathan le leathan", ionas go gceadaítear togte in áit togta inniu.
Na gutaí gearra nach bhfuil faoi bhéim, is féidir iad a fhágáil ar lár sa teanga scríofa, go háirithe i stíl neamhfhoirmeálta, m. sh.:
Tha mi an dòchas -> Tha mi'n dòchas ("tá mé i ndóchas", is é sin, tá dóchas agam, tá mé dóchasach).
Tríd is tríd, tá litriú na Gàidhlig sách cóngarach d'fhuaimniú na teanga, níos cóngaraí fiú ná litriú Ghaeilge na hÉireann. Scéal eile é, áfach, nach dtuigeann na Béarlóirí prionsabail litrithe na teanga, agus is minic a fhuaimníonn siad ainmneacha Gaelacha go mícheart ar fad, go háirithe ainmneacha a bhfuil sleamhnóga iontu, cosúil le Seònaid nó Caitlìn.
An chuid is mó de na litreacha, is iomann a bhfuaimniú sa Ghàidhlig agus formhór mór na dteangacha Eorpacha. Is fuaimeanna déadacha iad, áfach, T agus D leathan Ghaeilge na hAlban, cosúil leis an dóigh a bhfuaimnítear iad i nGaeilge. Sna teangacha eile, ní féidir T agus D a fhuaimniú ach go hailbheolach; is é sin, fuaimnítear in aghaidh dhroim an drandail iad. Fuaimnítear na consain shéimhithe cosúil leis an nGaeilge, ach is féidir an TH a fhuaimniú (go háirithe idir dhá ghuta) mar /ʔ/, is é sin, mar phléascach glotasach. Ní fhuaimnítear an FH ar aon nós, ach amháin i dtrí fhocal eisceachtúla, mar atá, fhèin (nó fhìn), fhuair ("fuair" na Gaeilge) agus fhathast, a chiallaíonn "fós" (mar sin, ní hionann é agus "fosta" Ghaeilge Uladh, a chiallaíonn "freisin"). Is mar [h] a fhuaimnítear an FH sa trí fhocal seo.
Consain | Gnáthfhoirm | Foirm shéimhithe | ||
---|---|---|---|---|
Leathan | Caol | Leathan | Caol | |
b | b | b | v | v |
c | k | c [nó kʲ] | x | ç |
d | d | ʤ | * | j |
f | f | f | ∅ (gan fh.) | ∅ (gan fh.) |
g | ɡ | ɟ [nó ɡʲ] | * | j |
An chéad siolla is minicí a bhíonn faoi bhéim, m.sh. drochaid (/ˈdrɔ.xæʧ/) "droichead". Na Béarlóirí nach bhfuil a fhios acu é, is iomaí logainm sna Garbhchríocha nach bhfuaimníonn siad mar ba chóir, m. sh. Mallaig — /ˈmæ.lɛk/.
Déantar fuaimniú ar b, d agus g i dtús focla, ach ní dhéantar é i lár ná ag deireadh focla:
agus <t>, is é an riail ná go bhfuaimnítear iad sa ghnáthmhodh (neamhghlórach) ag tús focail, ach go bhfuilid réamhanálaithe i lár nó ag deireadh focail (braitheann méid na difríochta seo ar an gcanúint):
duine — /ˈdu.ɲə/;
an duine agad — /ən ˈdu.ɲə ˈæ.kət/ Is binne í an Ghaeilge dá bharr seo.
Tá roinnt rudaí suntasacha i ngramadach Ghaeilge na hAlban:
Feictear béim ghramadaí i gcásanna eile freisin:
Tá níos mó ná alt deimhnitheach amháin sa Ghaeilge, ach níl aon alt neamh-dheimhnitheach ann:
Braitheann foirm an ailt (deimhnithigh) ar uimhir, inscne, chás agus chéadlitir an ainm.
(i). Le hainmneacha firinscneacha, ainmneacha, san uimhir uatha, úsáid an, am, agus an t-
(ii). Nuair ar féidir túschonsan an ainm a shéimhiú, baintear feidhm as (a') in dhá chás:
(iii). Sa bhaininscneach, ginideach, uimhir uatha, na agus na h- a úsáidtear:
(iv). Leis an iolra (ainmneach agus tabharthach), tá rudaí níos éasca. Is gnách na mar alt, ach na h- a bhíonn againn má thosaíonn an t-ainm le guta:
(v). Braitheann foirm an ghinidigh iolra (nan nó nam) de réir mar a thosaíonn an t-ainm le labial nó a mhalairt:
Tá Gaeilge na hAlban cosúil le Gaeilge, ach ní thuigfeadh formhór na gcainteoirí i dtír amháin mórán de chanúintí na tíre eile. Níl cuid de chanúintí Dhún na nGall chomh fada sin ó Ghaeilge na hAlban, mar a fheictear san abairt seo:
Tá roinnt difríochtaí tábhachtacha, ámh. An rud a fheictear láithreach, ná go scríobhtar an síneadh fada mar ghraif (`) in Albain, seachas agúid (´) in Éirinn. Scríobhtar an focal fáilte mar fàilte i nGaeilge na hAlban. In Albain, is é chan eil an (neg participle) san áit atá níl (giorrúchán de ní fhuil) in Éirinn an lae inniu, m.sh. (ceadaítear cha/chan in Éirinn fós, ach níl sé in úsáid ach in áiteanna i dTír Chonaill):
Tá "a" i roinnt focla i nGaeilge, acu "u" i nGaeilge na hAlban, m.sh, an focal Béarla agus Beurla faoi seach. Tarlaíonn seo mar gheall ar an gcaighdeánú agus ar an athrú litrithe a chuir rialtas na hÉireann ar bun sa 20ú Aois.
Gaeilge | Gaeilge na hAlban |
---|---|
Gael | Gaidheal |
lá | latha, là |
oíche | oidhche |
isteach | a-steach |
scoil | sgoil |
páiste | pàisde |
údarás | ùghdarras |
oifig | oifis |
oscailte (U. fascailte) | fosgailte |
bliain | bliadhain |
raidió | rèidio |
rialtas | riaghaltas |
parlaimint | pàrlamaid |
oileán | eilean |
caint | bruidhinn |
slaghdán | cnatan |
bóthar, ród | rathad |
aire, ministéir | ministear |
i, in, ann | an, ann |
Tar éis neamhshuim agus dímheas ar feadh na gcéadta bliain ó rialtais éagsúla, tá Gaeilge na hAlban ag fáil roinnt aitheantais ar deireadh. Tá sí á múineadh sna scoileanna, ina measc scoileanna mar ar mheán teagaisc í. Tá feidhm á baint aisti freisin i rialtas áitiúil, Comhairle nan Eilean. Tá stáisiún raidió sa teanga ag an BBC, Radio nan Gàidheal (agus bíonn comhchraoltacháin go rialta aige le Raidió na Gaeltachta, seirbhís raidió Gaeilge na hÉireann) Bíonn cláracha teilifíse sa teanga ar an BBC agus ar stáisiún ITV, go minic le fotheidil as Béarla. Tá stiúidió i Steornabhadh ag Grampian Television, a chuireann seirbhís ITV ar fáil i dtuaisceart na hAlban.
Mar sin féin, tá caint ar sheirbhís ar leith teilifíse i nGaeilge na hAlban, ar nós S4C sa Bhreatain Bheag agus TG4 in Éirinn. Mar a ceapadh sa Bhreatain Bheag, measadh nárbh fhearr na cláracha a shá isteach mar athraithe réigiúnda ar na príomhstáisiúin, mar nár leor é don 60.027 atá á labhairt, agus gur mhí-ádh é don 5.900.004 duine nach labhraíonn ach Béarla nó ´Scots´. Ach de réir dealraimh, níl sé soiléir gur 'mí-ádh' dóibh siúd é: taispeánann figiúirí féachana chlárach Gaeilge BBC amháin ar a laghad go mbreathnaíonn níos mó air ná Gaeilgeoirí na hAlban. Ná níl aon ghearáin á gcur ag an BBC mar gheall ar chláracha Gaeilge ar stáisiúin teilifíse an BBC, b'fhéidir mar go mbaineann daoine gan Ghaeilge ar bith taitneamh astu le fotheidil as Béarla.
Tá comharthaí bóthair Ghaeilge á gcrochadh ar fud na Gaeltachta de réir a chéile. Go minic níor ghá ach glacadh leis an litriú ceart desna logainmneacha, ach fiú leis seo, b'éigin dul i gcoimhlint le frith-Ghaelachas, atá láidir go maith fós in áiteanna. Déanann iriseoirí nuachtáin magadh go minic de chultúr agus de theanga na nGael, i mbealach nach gceadófaí maidir le haon ghrúpa eile, agus iarrann siad deireadh a chur le gach aon chúnamh ón rialtas.
Rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis iarrachtaí le blianta beaga anuas botúin ar mhapaí a cheartú. D´fhógair siad i 2004 go ndéanfaidís iarrachtaí ceart a chur leis an aineolas a bhí ar an nGaeilge, agus cheapadar coiste le logainmneacha cearta a chur ar na mapaí.
Thar na blianta, ní bhfuair Gaeilge na hAlban an t-aitheantas céanna agus a fuair an Bhreatnais ó rialtas na Ríochta Aontaithe. Ach ó tháinig féin-riail chun saoil, tá níos mó suime á chur i gcúrsaí Albanacha, agus tá ré-bhille Gaeilge foilsithe ag Parlaimint na hAlban.
Is iad príomhthréithe an Bhille ná:
Tar éis tréimhse comhairleacháin, nuair a cuireadh mórán iarratasaí chun an rialtais, an chuid is mó acu ag iarraidh an bhille a chur i dtreise, foilsíodh bille leasaithe, agus ba é an príomhleasú a deineadh ná go mbeadh treoir an Bhòird riachtanach anois de réir dlí (in ionad gan é a bheidh ach comhairleach).
Maíonn roinnt tráchtairí, mar shampla Éamonn Ó Gribín (2006) nach bhfágann Acht na Gàidhlig Gaeilge na hAlban ar chomhchéim agus ar chomhstádas leis an mBéarla nó fiú leis an mBhreatnais sa Bhreatain Bheag, agus go mbeadh duine amaideach nó saonta ag dréim go mbeidh athrú suntasach ann i dtaobh rathúnais na teangan mar thoradh ar iarrachtaí Bhord na Gàidhlig.[3]
Feictear inniu go ndearna Acht Oideachais 1872, a rinne neamhshuim iomlán den Ghaeilge, agus a d'fhág nár ligeadh do na glúnta Gaeil focal Gaeilge a labhairt sa seomra ranga, dochar mór don teanga.
Osclóidh an chéad mheánscoil a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge i nGlaschú i 2005 (tá roinnt bunscoileanna lán-Ghaeilge agus meánscoileanna a dhéanann roinnt teagaisc as Gaeilge sa tír cheana féin).
Tá corradh is 500 go 1,000 cainteoirí dúchais in Alba Nua, ach tá a bhformhór aosta anois. I mí na Bealtaine 2004, d'fhógair an rialtas réigiúnda tionscnamh cistiúcháin le tacú leis an dteangan agus lena chultúr sa chúige.
Shínigh rialtas na Ríochta Aontaithe an Carta Eorpach um Theangacha Réigiúnda agus Mionlach i dtaobh Ghaeilge na hAlban.
Is eagras Iomairt Choilm Chille a dhéanann iarracht naisc a chothú idir Ghaeilgeoirí Éireann agus na hAlban.
Tá ainmneacha pearsanta Gaelacha ar leith ar nós Donnchadh, Dòmhnall. Tógadh ainmneacha ar iasacht ón Sean-Lochlannais, m.sh. Somhairle, Tormod. Tá foirmeacha ar leith d’ainmneacha ag a bhfuil ainmneacha gaolmhara i dteangacha eile na hEorpa, mar: Eòghan, Iain, Catrìona, Anna.
Tugann an fhoirm ghairmeach d’ainmneacha Gaelacha áirithe foirmeacha Béarla ar nós:
Is iad na sloinnte Gaelacha is coitianta in Albain ná iad siúd a thosaíonn le Mac, ar nós Mac Gille Eathainn (MacLean). Tosaíonn an fhoirm bhaininscneach le Nic, mar a tharlaíonn sa nGaeilge: Catrìona Nic a' Phì a bheith ar Catriona Nic an Phí as Gaeilge.
Is de bhunadh Cheilteach formhór na foclaíochta i nGaeilge na hAlban. Tá roinnt iasachtaí ón Laidin, go háirithe i gcúrsaí eaglasta (eaglais, Bìoball), ón Lochlainnis (eilean, sgeir), ón Scoitis (sgealp, briogais) agus, i gcoitinne le teangacha eile na hEorpa, is gnách nuafhoclaíocht a chumadh d’fhréamhacha Gréigise agus Laidine (telebhisean), fiú más tríd an mBéarla a tháinig siad. Cuireann fás in úsáid fhocla Béarla le gramadach Ghaelach orthu imní ar go leor. Mar shampla, is minic "watchigeadh" (faire) and "catcheadh" (breith) á úsáid ar Leòdhas, díreach mar a deireanns cuid de mhuintir Ghaeltachtaí na hÉireann "matchannaí" ar chipíní nó lasáin, agus "ar mo bhicycle" in áit "ar mo rothar".
Ar an taobh eile den scéal, bhí tionchar ag an nGaeilge ar an Scoitis agus ar an mBéarla, go háirithe ar Bhéarla Caighdeánach na hAlban.
I measc na bhfocla a shíolraíonns ó Ghaeilge, tá whisky, slogan, brogue, jilt, clan, strontium, mar aon le rudaí suntasacha i dtíreolaíocht na hAlban, mar shampla ben (beinn), glen (gleann) agus loch.
Foinse: An Etymological Dictionary of the Gaelic Language, Alexander MacBain.
v · t · e Teangacha Ceilteacha | ||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh |