Feidhmeannach árachais, dlíodóir agus scríbhneoir Gearmáinise ab ea Franz Kafka (3 Iúil 1883 - 3 Meitheamh 1924). Meastar go forleathan go bhfuil Kafka ar cheann de na daoine is mó tionchair i litríocht an 20ú haois.
Rugadh Kafka i bPrág san Ostair-Ungáir ag an am, arb í príomhchathair na Seice inniu í, agus tógadh i dteaghlach meánaicmeach Giúdach é.
Céimí de chuid Deutsche Karl-Ferdinands-Universität (Ollscoil Ghearmánach Karl-Ferdinand) i bPrág, d'aistrigh Kafka ón gceimic go dtí an dlí mar a phríomhábhar staidéir, ionas go mbeadh deis ní ba mhó aige staidéar a dhéanamh ar an nGearmáinis agus ar stair na healaíne agus toisc go raibh deiseanna gairme ní b'fhearr ag gabháil leis.[1]
Fuair Kafka dochtúireacht sa dlí sa bhliain 1906, tar éis dó staidéar a dhéanamh air ar feadh cúig bliana. Chaith sé bliain ina dhiaidh sin mar intéirneach gan phá sna cúirteanna, de réir a oibleagáide.
Chaith Kafka an chuid eile dá shaol oibre in dhá chomhlacht árachais,
An chuid is mó den am sin, dhéanadh Kafka fiosrúchán ar éilimh árachais maidir le timpistí agus measúnú árachais. De ghnáth chríochnaíodh Kafka a chuid oibre faoi 2in gach lá. Mar sin bhí go leor ama aige lena chuid scríbhneoireachta a dhéanamh.
Sa bhliain 1918, cuireadh Kafka amach ar phinsean míchumais mar gheall ar an eitinn, siocair a bháis sé bliana ina dhiaidh sin.
An eitinn ba thrúig bháis do Kafka. Bhásaigh sé i gKlosterneuburg in aice le Vín.[2] De réir dealraimh, fuair Kafka bás go díreach leis an ocras ós rud é go raibh laraing athlasta aige de bharr na heitinne.
Níor foilsíodh an chuid ba mhó dár scríobh Kafka ach i ndiaidh a bháis (féach na lisotaí thíos).
B'é a dhlúthchara agus seiceadóir liteartha, an scríbhneoir Max Brod (a bhí ina mhac léinn dlí leis), a choinnigh lámhscríbhinní Kafka i dtaisce. Thug Brod neamhaird ar threoir a thug Kafka ar leaba a bháis go ndófaí a chuid saothar neamhfhoilsithe. Chuir Brod os comhair an tsaoil mhóir iad, cé go raibh sé ordaithe ag Kafka féin dó na páipéir a chur trí thine.
Is iomaí saothar as an gcuid is clúití dá chuid scríbhneoireachta—mar shampla
Tá móitífeanna agus téamaí ón dlí go mór i gceist ina chuid saothar.[3] Ar an mbealach sin, gan amhras, spreag oiliúint Kafka sa dlí agus a chuid oibre mar fheidhmeannach árachais a chuid saothar liteartha, go pointe áirithe, fiú mura raibh sé ar intinn ak Kafka scigaithris a dhéanamh ar cheachtar acu ar bhealach ar bith.
Chuaigh a chuid gearrscéalta agus úrscéalta go mór mór i bhfeidhm ar an litríocht ó na 1920idí ar aghaidh.
Is minic a dhéanann dlíodóirí agus breithiúna inniu tagairt reitriciúil do nóisean an 'Kafkachais' agus iad ag cáineadh léamha nó feidhmithe an dlí atá saoithíneach, míloighciúil nó luaineach, dar leo.[4]